An difríocht idir athruithe ar: "Éire"

Content deleted Content added
Líne 42:
{{Príomhalt|Stair na hÉireann}}
Deirtear gurbh iad clanna Míle an slua mór deireanach a tháinig i dtír, is a thug an chuid is mó den chultúr [[Gael]]ach dúinn a bhfuil aithne fós air. Roimhe sin bhí grúpaí eile ann dar leis na seanscéalta, ar nós na bParthalónach, agus [[Fir Bolg|na bhFear Bolg]].
 
[[Íomhá:Legananny Dolmen 3.jpg|mion|Legananny Dolmen]]
 
Tháinig an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] go hÉirinn nuair a chuir [[an Pápa Ceilistín]] [[Palladius]] go hÉirinn in AD [[430]]. Ach ba é [[Naomh Pádraig]], saoránach [[An tSean-Róimh|Rómhánach]] de bhunadh [[an Bhreatain|Breatnach]], ar éirigh leis an [[creideamh|chreideamh]] nua a thabhairt go hÉirinn ó [[432]] ar aghaidh. Seachas mar a tharla i ngo leor tíortha eile, ní raibh aon chath mór i gceist, ach gur chloígh an eaglais [[sean-chreideamh na nGael]] diaidh ar ndiaidh.
Line 48 ⟶ 50:
 
Sa [[12ú haois]], ba iad na [[Normanaigh|Normannaigh]] a tháinig i dtír. Bhí [[Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach]] san oirdheisceart i dtrioblóid lena chuid talún agus le tiarnaí eile sa chuid sin tíre, agus d'iarr sé cúnamh ar Rí [[Anraí II Shasana]] i [[1171]]. Chuir Anraí [[Strongbow]], tiarna Normanach ón mBreatain Beag, i gcúnamh air. Ach má tháinig, d'fhan na Normannaigh, agus cé gur iomaí cath a troideadh, de réir a chéile ghlac siad seilbh ar thailte agus caisleáin agus bailte na hÉireann. Do lean cumhacht na nGall in Éirinn, óir choinnigh fórsaí rí Shasana smacht ar an gcuid den tír timpeall ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], an baile is mó a bhí faoi smacht na Lochlannach agus na Normanach ina ndiaidh. Laistigh de dhá ghlún, bhí rialtas lárnach i mBaile Átha Cliath, faoi stiúir dhíreach rí Shasana. I [[1297]] cuireadh an chéad pharlaimint ar bun, ach b'iad siúd de shliocht Gallda amháin a thogh agus a shuigh sa pharlaimint sin. Ó thús an [[14ú haois]], bhí Gaelú le sonrú imeasc na nGall a bhí fanta in Éirinn, agus cuireadh [[Reachtanna Chill Chainnigh|Dlithe Chill Chainnigh]] i réim i [[1366]], a chuir scoilt idir Ghael agus [[Gall]]. I ré na d[[Teodar]], cuireadh breis máistreacht ar an tír, agus i [[1494]] cuireadh [[Dlí Poynings]] i réim. Thug sé sin cead do Rí Shasana dlithe nua ó pharlaimint Bhaile Átha Cliath a chosc. I [[1534]] deineadh Tiarnaí Tánaiste de [[Iarlaí Chill Dara]], agus i [[1541]] ghlac rí Shasana an teideal "[[Rí na hÉireann]]" chomh maith. Sna blianta a lean, cuireadh brú ar na tiarnaí Gaelacha a dtailte a bhronnadh ar rí Shasana, ionas go dtabharfaí ar ais dóibh é mar dheontas ríoga, agus teideal Gallda ag dul leis. Ar ndóigh, chuaigh sé seo i gcoinne ghnás na nGael go mór, ach de réir a chéile ghlac go leor leis an réiteach seo.
 
[[Íomhá:Ireland-Cahir Castle.jpg|mion|Caisleán Cahir]]
 
De réir a chéile, leath cumhacht Shasana ón b[[Páil]] ar fud na tíre, trí chathanna, géilleadh na dtiarnaí Gaelacha don Choróin, agus le cur fúthu ag tiarnaí agus móraibh eile Sasanacha.
Line 67 ⟶ 71:
 
I rith an [[19ú haois]], bhí aighneas ar son na saoirse ó am go ham. Bhí éirí amach in [[1803]], agus múchadh go héasca é, agus cuireadh an ceannaire, [[Robert Emmet]], chun báis. Timpeall na bliana [[1845]] a chuir [[Michael Davitt]] ón [[an tSráid|Sráid]] i g[[Contae Mhaigh Eo]] [[Conradh na Talún]] ar bun. Is é a bhí á iarraidh acu ná ''cíos cothrom, ceart seilbh agus cead díolta''. Bhí Conradh na Talún ar bun ar fud na tíre. Bhí [[Éirí Amach 1848 in Éirinn|Éirí Amach]] freisin in [[1848]]. Theip ar an éirí amach sin, mar a theip ar gach ceann roimhe.
 
[[Íomhá:Warofindep.jpg|mion|Séadchomhartha Cogadh na Saoirse]]
 
Ag deireadh an 19ú haois, bhí [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann]] (''Irish Parliamentary Party'') gníomhach ag lorg saoirse don tír. Ba é [[Charles Stewart Parnell]] a bhí ina fheighil ar feadh i bhfad, ach nuair a cuireadh cairdeas a bhí aige le bean pósta [[Kitty O'Shea]], ina leith, chuaigh an eaglais Chaitliceach ina choinne, agus uaidh sin thréig muintir na tíre é, gur chaill sé a cheannaireacht i [[1890]]. Ina dhiaidh siúd, bhí [[John Redmond]] i bhfeighil ar an bpáirtí, agus lean siad go dtí gur éirigh le [[Sinn Féin]] uimhir mór feisirí a thoghadh i [[1918]], tar éis [[Éirí Amach na Cásca]] i [[1916]]. Ní raibh ag páirtí Redmond ach seachtar fheisire, an chuid is-mó in Uladh (ceann amháin i [[Learpholl]]).