An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaillseach Shasanach"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Ba í '''an Ghaillseach Shasanach''' bean chéile Phiarais de Bermingham, duine de thaoisigh Normannacha na hÉireann agus tiarna míthrócaireach. Deirtear nach raibh...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Ba í '''an Ghaillseach Shasanach''' bean chéile Phiarais de Bermingham, duine de thaoisigh Normannacha na hÉireann agus tiarna míthrócaireach. Deirtear nach raibh drogall ar an nGaillseach lámh chúnta a thabhairt do Phiaras.
 
Sa chéad chuid den 14ú haois bhí aighneas géar idir na coilínigh Angla-Normannacha (na “Gaill”) agus na hÉireannaigh (agus aighneas idir bhaill den dá dhream faoi seach). Is iomaí sléacht a rinneadh dá bharr, agus bhí droch-cháil ar leith ar Phiaras as taoisigh de mhuintir Chonchúir a dhúnmharú Domhnach na Tríonóide 1305 agus iad ar cuairt ina chaisleán aige. Dúradh go ndearnadh é seo chun teacht roimh mhuintir Chonchúir agus rún acu de Bermingham agus coilínigh eile a mharú.<ref>Roy Martin, Haines. ''King Edward II: His Life, His Reign, and Its Aftermath, 1284-1330''. McGill-Queen's Press - MQUP 2003: lch 286</ref>
 
D’ainneoin an aighnis, bhí Gaill agus Gaeil ag déanamh caidrimh le chéile. Bhí aithne mhaith ag Piaras ar an dá thaoiseach úd, Muircheartach Ó Conchúir Fhailí agus An Calbhach. (Bhí smacht ag Ó Conchúir Fhailí ar limisteár a raibh cuid de [[Contae Uíbh Fhailí|Chontae Uíbh Fhailí]], de [[Contae Laoise|Chontae Laoise]] agus de [[Contae Chill Dara|Chill Dara]] ann.) Bhí Piaras ina chara Chríost (athair baiste) ag mac beag an Chalbhaigh agus ina chomhathairchomhchara baisteChríost ag clann Mhuircheartaigh.
 
Deirtear in [[Annála Inis Faithlinn]] go ndearnadh Muircheartach agus An Calbhach a mharú agus an mac beag (Maisir) a chaitheamh thar balla amach. Deirtear go raibh an Ghaillseach Shasanach ar mhullach an chaisleáin agus í ag cuidiú leis an drochobair trína fhógairt cá raibh lucht leanúna na dtaoiseach ag iarraidh dul i bhfolach.
::''Muircheartach Ó Conchúir Fhailí agus An Calbhach a bhráthair do mharbhadh de Shir Piaras de Breimingheam ar thabhairt cuiridh dó dóibh trí cheilg agus trí mheabhail agus ar dhéanamh cairdeasa Chríost leis an darna fear díobh agus a ceathair<ref>ComhathairComhchara baisteChríost</ref> leis an bhfear eile. Maisir, an naí bheag, ar mhac don darna fear díobh, do chuir Piaras féin faoi láimh easpaig, do diúracadh thar chaisleán amach gurbh amhlaidh a fuair sé bás; agus triúr nó ceathrar ar fhichid do mharbadh de mhuintir na bhfear réamhráite sin; agus an fear díobh sin a thagadh á fholach, do fhógradh an Ghaillseach Shasanach, .i. bean an Phiarais sin, de mhullach an chaisleáin, gur marbhadh mórán díobh trí na fógraí sin; agus is mairg Gael do bheir taobh le síocháin rí ná le Gallaibh ina dhiaidh sin...''<ref>Annála Inis Faithlinn, I1305.4: https://celt.ucc.ie/published/G100004/index.html</ref>
 
==Nótaí==