An difríocht idir athruithe ar: "Sándor Petőfi"
Leathanach cruthaithe le '{{Bosca Sonraí Scríbhneoir|ainm=Sándor Petőfi|dáta_breithe=1 Eanáir 1823|áit_bhreithe=Kiskőrös, An Ungáir|dáta_báis=31 Iúil 1849|áit_bháis=Segesvár, An...' |
(No difference)
|
Leagan ó 13:07, 9 Bealtaine 2020
Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir
File agus réabhlóidí Ungáiris ab ea Sándor Petőfi a rugadh ar an 1 Eanáir 1823 agus fuair bás ar an 31 Iúil 1849. Is file náisiúnta é san Ungáir agus ba príomhfhigiúr é i réabhlóid na hUngáire ar an bhliain 1848. Scríobh sé Nemzeti Dal (Amhrán Náisiúnta), amhrán na réabhlóide agus fuair sé bás i Cath Segesvár ar an 31 Iúil 1849.
Saol
Rugadh sé i Kiskőrös agus inimircigh Slóvacach nó Seirbiach ab ea a thuismitheoirí. Ba a ainm breithe Alexander Petrovics ach d'aistrigh sé a ainm go Ungáiris.
Tógadh sé i Kiskunfélegyháza agus d'oibrigh sé in amharclanna, scoileanna agus nuachtáin timpeall na tíre. Fuair sé foilsitheoir i 1844 agus d’éirigh sé file rathúil. Phós sé Júlia Szendrey agus bhí mac amháin acu, Zoltán a rugadh ar an 15 Nollaig 1848. Bhuail sé le intleachtaigh réabhlóideacha (Márciusi Ifjak - Ógánaigh Máirseála) i Pest. Thosaigh an réabhlóid ar an 15 Márta 1848. Throid sé san arm réabhlóideach na hUngáire le ginearál Józef Bem san Trasalváin. Fuair sé bás i Segesvár i gcath in aghaidh arm na Rúise ar an 31 Iúil 1849.
Saothair
Scríobh sé faoi théamaí béaloidis, a ghrá agus a phósadh le Júlia, radharcra na hUngáire agus na réabhlóid. Tá a dhánta ar fáil i go leor teangacha.
- Az alföld (An Machaire Mór na hUngáire) (1944)
- János Vitéz (Seán Cróga) (1945)
- Szeptember végén (Deireadh mhí Mheán Fómhair) (1847)
- Az apostol (An Aspal) (1848)
- Dicsőséges nagyurak (Tiarnaí Glórmhara) (1848)
- Nemzeti dal (Amhrán Náisiúnta) (1848)