An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Cadhain"

Content deleted Content added
atheagrú
No edit summary
Líne 18:
 
Tá '''Máirtín Ó Cadhain''' ([[13 Feabhra]] [[1906]]<ref>https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=413 . "Is dóigh gur thart faoin am sin a cláraíodh an bhreith ach gur in Eanáir 1906 a rugadh é. Deir Costigan agus Ó Curraoin gurbh in Eanáir 1905 a rugadh é de réir an taifid baiste ach go raibh lúb ar lár áit éigin: ‘I dTeach an Chustaim is é a lá breithe cláraithe an 13ú lá d'Fheabhra 1906, agus ar chúl clúdach As an nGéibheann tugtar an dáta 20 Eanáir 1906’. Is léir ón bhfianaise atá ag a mhuintir gurbh ar 4 Eanáir 1906 a rugadh é agus nárbh in 1905 mar a chreid a bheathaisnéisithe." </ref> – [[18 Deireadh Fómhair]] [[1970]]) ar dhuine de na [[scríbhneoir]]í próis is mó i [[Stair na Gaeilge|stair]] na [[litríocht]]<nowiki/>a [[Gaeilge|Nua-Ghaeilge]].<ref> Denvir Gearóid, ‘Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, BÁC, 1987. Réamhrá IX.</ref><ref>Máirtín Ó Cadhain, Ceist na mBan agus Ceisteanna Ban le Máire Ní Annracháin. Lch 39 in Ó hÁinle, Cathal, ‘Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain’, Coiscéim, BÁC, 1998.</ref> Foilsíodh trí [[úrscéal]] agus sé bhailiúchán [[Gearrscéal|gearrscéalt]]<nowiki/>a leis i measc ábhar eile. ''[[Cré na Cille]]'' an t-úrscéal an saothar is mó cáil a scríobh sé, agus aithnítear na gearrscéalta in ''[[An Braon Broghach (Cnuasach Gearrscéalta)|An Braon Broghach]]'' go forleathan mar shárshaothair.
 
 
 
Ba [[Múinteoir|mhúinteoir]] scoile, ball d'[[Óglaigh na hÉireann]], agóidí, [[Aistriúchán|aistritheoir]] agus [[ollamh]] le Gaeilge é freisin. Déantar staidéar ar a shaothar ar chúrsaí tríú agus dara leibhéal in Éirinn agus ar fud an domhain.