An difríocht idir athruithe ar: "Gnóisíochas"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá sa '''[[gnóisíochas|ghnóisíochas]]''' (ó γνωστικός na Gréigise - ''gnostikos'' nó “eolas a bheith agat”) téarma nua-aimseartha chun tuairisc a thabhairt ar a lán seanreiligiún a chloígh leis an saol spioradálta agus a thug droim láimhe don saol ábhartha. Shíl siad gur leathdhia a chruthaigh an saol úd.<ref>Tá léargas ar chastacht an ghnóisíochais le fáil in Hurtado, Larry W., ''Lord Jesus Christ: Devotion to Jesus in Earliest Christianity'', Wm. B. Eerdmans Publishing 2005, lgh 519-561.</ref> Chuaigh an gnóisíochas i bhfeidhm ar a lán reiligiún<ref>Féach Hinnel, John, ''The Penguin Dictionary of Religion'', Penguin Books UK, 1997</ref> a mhúineann gur féidir “gnosis” (eolas, soilsiú, slánú, fuascailt, comhcheangal le Dia) a bhaint amach de bharr chleachtadh an daonchairdis (nó go mbeifí bocht dá bharr) agus na haontumhachta (ag deisceabail de réir a n-acmhainne agus ag rúnpháirtithe go hiomlán) agus de bharr chríonnacht a lorg trí chuidiú le daoine eile.<ref>Churton, Tobias, ''Gnostic Philosophy: From Ancient Persia to Modern Times'', Inner Traditions, VA USA, 2005, ISBN=978-159477-035-7: https://www.google.fi/books?id=mvpkAwAAQBAJ&lpg=PT12&ots=QNHwTiVkhf&dq=%22From%20Ancient%20Persia%20to%20Modern%20Times%22&lr&pg=PP1#v=onepage&q&f=false</ref> Mar sin féin, bhí éagsúlacht ag gabháil le cleachtadh an ghnóisíochais.
 
Sa ghnóisíochas tá baint ag an leathdhia leis an domhan thíos, áit a shamhlaítear leis an ábhar, leis an gcolainn, leis an am agus go háirithe le saol lochtach sealadach. Tá Dia le fáil sa domhan thuas agus samhlaítear leis an anam agus le foirfeacht é. Ba é tuiscint na nGnóisithe ná nach bhféadfadh Dia na foirfeachta domhan chomh truaillithe, chomh neamhfhoirfe leis an saol ábhartha s'againn a chruthú.
 
De ghnáth sainmhínítear an gnóisíochas i gcomhthéacs Críostaí.<ref>Dúirt an diagaí cáiliúil Gearmánach [[Adolf von Harnack]] (1885) gurbh é dian-Heilléanú na Críostaíochta é, agus dúirt [[Wilhelm Bousset]] (1907), diagaí Gearmánach eile, gur as an bPeirs a fáisceadh é.</ref><ref>Karen L. King, ''What is Gnosticism?'' (2005): "Bousset held that Gnosticism was a pre-Christian religion, existing alongside of Christianity. It was an Oriental product, anti-Jewish and un-Hellenic... "</ref> Shíleadh scoláirí éigin go raibh an gnóisíochas ann roimh an gCríostaíochas agus go raibh prionsabail chreidimh agus nósanna spioradálta ag baint leis a d’fhág a rian ar an luath-Chríostaíocht, ar an Nua-Phlatónachas, ar an nGiúdachas Heilléanach, ar reiligiúin rundiamhaire Ghréag-Rómhánacha agus ar an [[Sóróstarachas]]. Chuir léiriú [[leabharlann Nag Hammadi]], cnuasach seanlámhscríbhinní ón Éigipt, cor nua sa scéal agus tugadh ar dhaoine athmhachnamh a dhéanamh dá bharr. Níor thángthas ar théacsanna gnóisíocha réamh-Chríostaí fós,<ref>Ag Comhdháil Idirnáisiúnta an Ghnóisíochais ag Yale i 1978 dúirt James M. Robinson, duine de phríomhscoláirí an ghnóisíochais: "At this stage we have not found any Gnostic texts that clearly antedate the origin of Christianity": luaite in Edwin Yamauchi, "Pre-Christian Gnosticism, the New Testament and Nag Hammadi in recent debate," in ''Themelios'' 10.1 (Sept 1984): 22–27.</ref> agus meastar gur sa dara haois nó ina dhiaidh sin a tháinig an gnóisíochas ar an bhfód mar chóras creidimh ar leith.<ref>Maidir leis seo luann Paul Trebilco na leabhair a leanas ina alt "Christian Communities in Western Asia Minor into the Early Second Century: Ignatius And Others As Witnesses Against Bauer" in JETS 49.1: E.M. Yamauchi, "Gnosticism and Early Christianity" in W. E. Helleman (eag.), ''Hellenization Revisited: Shaping a Christian Response Within the Greco-Roman World'', University Press of America, 1994, lch 38: Karen L. King, ''What is Gnosticism? '', Belknap Press of Harvard University Press, 2003, lch 175}}, C. Markschies, ''Gnosis: An Introduction'', T&T Clark 2003, lgh 67–69; cf. H. Koester, ''Introduction to the New Testament, Vol 2: History and Literature of Early Christianity'', Walter de Gruyter, 1982, lch 286. Féach díospóireacht freisin in M. A. Williams, ''Rethinking "Gnosticism": An Argument for Dismantling a Dubious Category'', Princeton University Press 1996, Gerd Theissen, ''A Theory of Primitive Christian Religion'', SCM Press 199, lgh 231–39}}.</ref>