An difríocht idir athruithe ar: "David Hume"
Content deleted Content added
Vilho-Veli (plé | dréachtaí) File |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[File:David Hume.jpg|thumb|]]
[[Fealsúnacht|Fealsúnaí]], [[Stair|staraí]], [[eacnamaí]] agus scríbhneoir aistí de chuid [[An Eagnaíocht|Eagnaíocht]] na
== Fealsúnacht ==
D’áitigh Hume nach féidir réasúnaíocht induchtaitheach agus [[creideamh]] i gcúisíocht a dheimhniú ó thaobh an réasúin de; tá siad ag brath ar nósanna agus ar thaithí. Ní fheicimid i ndáiríre gurb amhlaidh gur rud áirithe is cúis le rud eile. Ní bhraithimid ach “cónasc imeachtaí”. Chun an chúisíocht a thuiscint as ar tharla cheana, de réir fhadhb seo an induchtaithe, caithfear a shamhlú go mbeidh an t-am atá le teacht cosúil leis an am atá caite, réamhghlacan nach féidir a bhunú ar eispéireas roimh ré.<ref>{{cite book|url=http://press.princeton.edu/titles/9980.html|last=Berlin|first=Isaiah|title=The Roots of Romanticism|location=Princeton|publisher=Princeton U.P.|edition=2|date=2013}}</ref>
[[Íomhá:David Hume grave 2019-04-09.jpg|mion|uaimh Hume, [[Dún Éideann]]]]
[[Íomhá:Painting of David Hume.jpg|clé|mion|217x217px|Allan Ramsay: David Hume, 1754]]
Chuir sé in aghaidh réasúnaithe fealsúnacha agus barúil aige gur mothúcháin seachas réasún a théann i bhfeidhm ar iompar an duine. D’fhógair sé: "Reason is, and ought only to be the slave of the passions".<ref>Hume, David, ''Treatise on Human Nature''</ref>
Shéan Hume freisin nach bhfuil eolas againn ar an ''mise''. Dúirt sé nach mbraithimid ach burla mothúchán agus nach bhfuil sa ''mhise'' ach an burla sin de bhraistintí a cheanglaímid le chéile le cúisíocht. Tá teoiric comhoiriúnachta den saorthoil aige agus glacann sé leis go bhfuil an cinnteachas ag cur go hiomlán le saoirse an duine.<ref>{{cite book|url=http://plato.stanford.edu/entries/hume-freewill/|title=Hume on Free Will|encyclopedia=stanford.edu|publisher=Metaphysics Research Lab, Stanford University|year=2016}}</ref> Bhí tuairimí conspóideacha aige maidir le fealsúnacht an reilgiúin, mar níor chreid sé i míorúiltí agus dhiúltaigh sé don [[argóint theileolaíoch]] i bhfabhar Dia a bheith ann (i.e. argóint ar son thoil Dé).
|