An difríocht idir athruithe ar: "D Day"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 14:
 
== Imeachtaí ==
Theastaigh [[Aimsir (meitéareolaíocht)|aimsir]] shuaimhneach le go mbeadh na h[[Eitleán|eitleáin]] in ann tuirlingt agus [[Buama|buamaí]] a ligean anuas agus go mbeadh na [[long]]<nowiki/>a in ann teacht i dtír. Bhí málaí droma troma ag na [[saighdiúir]]í fosta agus thiocfadh go mbáfaí i bh[[Farraige|farraigí]] arda iad.
[[Íomhá:Eisenhower paratroopers 101st Airborne Division 1944.jpg|clé|mion|177x177px|5 Meitheamh 1944ː an Ginearál [[Dwight D. Eisenhower]] agus an 101st Airborne Division ]]
Bhí sé beartaithe ag Ceannasaí Fhorsaí na gComhghuallaithe an Ginearál [[Dwight D. Eisenhower]] go dtabharfaí faoin ionradh ar 5 Meitheamh. Bheadh an taoide i gceart, bheadh solas na gealaí ann agus bhí gach rud réidh. Ach cuireadh an plean ar athló é ag an nóiméad deiridh de bharr stoirme a bhí ag teacht ón Atlantach agus a bhuailfeadh cósta theas na Breataine an lá sin.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/storm-front-in-mayo-an-bhean-og-ar-an-bhfod-dubh-a-bhi-larnach-i-roghnu-d-day/|teideal=‘Storm Front in Mayo’ – an bhean óg ar an bhFód Dubh a bhí lárnach i roghnú D-Day|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-06-06}}</ref>. Agus thug na tuairiscí le fios go raibh stoirm ón Atlantach le cladaí na Normainne a bhualadh ar an 5 Meitheamh. Bhí ar an Ghinearál Eisenhower idirghabháil a dhéanamh idir chomhairleoirí aimsire na Breataine agus Mheiriceá a bhí ar mhalairt tuairime.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Bean Ghaeltachta a raibh ról suntasach aici in imeachtaí D-Day|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2019/0606/1053799-bean-ghaeltachta-a-raibh-rol-suntasach-aici-in-imeachtai-d-day/|date=2019-06-06|language=ga|author=Shane Ó Curraighín}}</ref>
Líne 30:
[[Íomhá:Omaha Beach wounded soldiers, 1944-06-06 P012901.jpg|mion|saighdiúirí gortaitheː trá Omaha]]
 
== Cuntas pearsantafinné ónsúlː an "8th Irish"<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.beo.ie/alt-cur-sios-ar-ionradh-d-day-o-dhuine-a-bhi-ansin.aspx|teideal=Cur síos ar Ionradh D-Day ó dhuine a bhí ansin|údar=Jim Fitzsimons|dáta=|language=ga|work=Beo!|dátarochtana=2020-06-06}}</ref> ==
Amuigh ar an fharraige (6 Meitheamh), bhí iontas ar Jim Fitzsimons an méid sin bád a fheiceáil ar gach taobh, iad uilig ar an bhealach go dtí an Normainn. “Sa deireadh bhí muidne san ''8th Irish'' mar chuid den ghrúpa tosaigh san ionradh [[farraige]] ba mhó riamh, " a deir sé. Bhí sé 24 bliana d’aois. Sular bhain siad Trá Juno amach, léim siad trasna go LCA (báid dul i dtír) agus dúirt siad a bpaidreacha deireanacha iontu. Nuair a bhain siad an trá amach, bhí an t-uisce suas go dtí a mbrollach nuair a léim siad as an LCA agus bhí greim dhá lámh ag Jim ar a [[raidhfil]] os cionn a chinn, agus piléir ag feadaíl thart lena chluasa. Rith siad go gasta i dtreo na ndumhcha, áit ar troid siad lámh go lámh leis na Gearmánaigh. Ansin, b’éigean dóibh bealach a ghlanadh trí na mianaigh talún do na ''Royal Winipeg Rifles''. Bhí [[Corp an duine|coirp]] agus [[Saighdiúir|saighdiúirí]] gortaithe i ngach áit ach lean siad ar aghaidh leis an dualgas a bhí orthu a chomhlíonadh... "