An difríocht idir athruithe ar: "Ola Majekodunmi"

Content deleted Content added
Thósaigh mé an alt
 
Nios mo eolaiocht faoina obair
Líne 1:
Craoltóir, gníomhaí Gaeilge agus scannánóir [[Éire|Éireannach]] is ea '''Ola Majekodunmi.'''
 
Rugadh Majekodunmi in Lagos, an Nigéir. Aistríodh an teaghlach go hÉirinn nuair a raibh sí seacht mhí d'aois chun tearmann a iarraidh. D'fhreastail sí ar [[Gaelscoil Lios na nÓg|Ghaelscoil Lios na nÓg]] agus ar [[Coláiste Íosagáin|Choláiste Íosagáin]]. Tá céim sa Bhéarla, na meáin agus staidéar cultúrtha aici agus tá Máistreacht sna hEalaíona sa Léiriúchán Craolacháin Digiteach aici as [[Institiúid Ealaíona,Dearadh agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire]].<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.raidionalife.ie/ga/laithreoiri/ola-majekodunmi/|teideal=Raidió na Life|work=www.raidionalife.ie|dátarochtana=2020-06-11}}</ref>
 
Thosaigh sí ag obair mar láithreoir raidió ar [[Raidió na Life]] i 2014 leis an clár ''Seinnliosta an tSathairn''. Anois cuireann sí an clár raidió ''Afra-Éire'' i láthair agus tá sí ina aoi-cuiditheoir ar [[RTÉ Raidió na Gaeltachta]], [[RTÉ a Dó]] agus [[RTÉ 2XM]]. Cabhraíonn sí leis an phodchraoladh aitheanta [[Motherfoclóir]] a cuireadh [[Darach Ó Séaghdha]] i láthair agus bhí sí ar an gclár ''Pantisocracy'' ar [[RTÉ a hAon]] le [[Panti]].
 
I 2018 stiúir sí an ghearr-scannán ''What does Irishness Look Like?'' chun na fadhbhanna maidir le claontacht agus féiniúlacht náisiúnta in Éirinn. Is comhbhunaitheoir í de "Beyond Representation", tionscadal chun mná de chine daite a tugadh le chéile agus a cheiliúradh. Labhair Majekodunmi amach faoi na fadhbhanna maidir le ciníochas in Éiriin, agus faoi na téarmaíochta casta as Gaeilge maidir le daoine daite.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Cad is brí le 'colourism'?|url=https://www.rte.ie/gaeilge/2018/0130/937120-cad-is-bri-le-colourism/|date=2018-02-01|language=ga|author=Siún Ní Dhuinn}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/duine-dubh-no-duine-gorm-cen-dath-sin-ar-do-chraiceann/|teideal=Duine dubh nó duine gorm? Cén dath sin ar do chraiceann?|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-06-11}}</ref>
 
<br />
 
== Tagairtí ==
<references />