An difríocht idir athruithe ar: "An Cheathrú Rua"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
}}
 
Sráidbhaile mór is ea '''an Cheathrú Rua''' (''Carraroe'' as [[An Béarla|Béarla]] go traidisiúnta) atá suite i g[[Contae na Gaillimhe]], [[Éire]]. Tá sí i lár [[An Ghaeltacht|Ghaeltacht]] [[Conamara|Chonamara]]. Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar [[Húicéirí na Gaillimhe]] (Púcáin) agus ar Thrá an DoilínDóilín. Tagann formhór na dturasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agus [[An Ghaeilge|Gaeilge]] a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Is ar an gCeathrú Rua atá [[Coláiste Chiaráin]] suite, agus na mílte scoláire óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus [[iomramh|rásaí curach]] ar an mbaile freisin.
 
== Gaeilge ==
Líne 19:
 
== An sráidbhaile ==
Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Cúpla bliain ó shin ní raibh sa mbaile ach cúpla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, tá go leor tógáil á déanamh san cheantar le gairid, tá páipéar nuachta náisiúnta ''Foinse'' bunaithe anseo anois chomh maith le foirgnimh de chuid ollscoil na Gaillimhe. Tá go leoirleor tithíochta príomháidípríobháidí agus eastáit tithíochta tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas chomh maith le go leor tionscnamh eile atá á dtógáil faoi láthair.
 
== Áras Mháirtín Uí Chadhain ==
[[Íomhá:Áras Mháirtín Uí Chadhain.jpg|mion|clé|120px|Áras Mháirtín Uí Chadhain]]
Tá [[Áras Mháirtín Uí Chadhain]], foirgneamh de chuid [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh]], ina reachtáltarreáchtáltar cúrsaí teanga, ríomhaireachta srl., lonnaithe ar an gCeathrú Rua.
[[Íomhá:AnCheathruRua.jpg|mion|deas|Radharc sa Cheathrú Rua]]