An difríocht idir athruithe ar: "Sasana"
Content deleted Content added
No edit summary clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
m →Aeráid |
||
Líne 66:
Is [[aeráid]] aigéanach mheasartha atá ag Sasana. Bíonn an aimsir séimh: ní bhíonn an mheánteocht íosta laistíos de 0°C fiú sna míonna is fuaire, agus ní théann an mheánteocht ardaitheach lastuas de 25°C sna cinn is teo.<ref>{{Lua idirlín|url=https://en.climate-data.org/europe/united-kingdom/england-256/|teideal=Climate England: Temperature, climate graph, Climate table for England - Climate-Data.org|work=en.climate-data.org|dátarochtana=2019-01-22}}</ref> Is iad [[Mí Eanáir]] agus [[Mí Feabhra]] na míonna is fuaire, an dara ceann go háirithe ar an gcósta, fad is gurb í [[Iúil|Mí Iúil]] an mhí is teo. Tá an [[Fearthainn|fliuchras]] spréite ar fad na bliana, cé go mbíonn an samhradh níos tirime go ginearálta ná an geimhreadh.
==Cathracha==
Líne 113:
=== Na Túdair go dtí cruthú na Ríochta Aontaithe ===
[[Íomhá:Charles I execution, and execution of regicides (detail).jpg|mion|Greanadh de bhású [[Séarlas I, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlban|Shéarlas I]], a tharla sa bhliain 1648]]
Faoi Theaghlach na dTúdar agus ina ndiaidh sin faoi Theaghlach na Stíobhartaí, d'éirigh Sasana ina chumhacht chóilíneach, agus é ag leathnú a shmachta ar [[Éire|Éirinn]] i measc tíortha eile. I lár riail na Stíobhartaí, bhris [[Cogadh Cathartha Shasana]] amach idir lucht tacaíochta an Rí [[Séarlas I, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlban|Séarlas I]] agus lucht tacaíochta Pharlaimint Shasana, cogadh a bhí ina chuid de Chogaidh na Trí Ríochta, agus é bainteach le Cogadh na hAon Bhliana Déag in Éirinn. B'é an toradh air seo ná cuireadh an rí Séarlas I chun báis agus bunú poblachta parlaiminte ab ainm dó ''Comhlathas Shasana'' i 1649, a d'iompaíodh ina dheachtóireacht mhíleata faoi [[Oilibhéar Cromail]] sa bhliain 1653, ab ainm dósan ''An Coimirceas''. Cuireadh an mhonarcaíocht ar bun arís i 1660, cé go lean aighnis faoin reiligiún agus faoin gcumhacht ar aghaidh; mar thoradh ar na haighnis seo a cuireadh rí eile, an rí [[Séamas II Shasana|Séamas II]], as an ríchathaoir sa '[[An Réabhlóid Ghlórmhar|Réabhlóid Ghlórmhar]]' sa bhliain 1688. Bhí an [[An Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]] faoi riail Shasana cheana féin ón 13ú haois, agus í measta mar chuid de Shasana ag an rialtas, agus sa bhliain 1707, d'aontaíodh Sasana agus [[Albain]] chun stát nua, ''Ríocht na Breataine Móire'', a chruthú. Tugadh ar Éire a theacht isteach sa ríocht seo sa bhliain 1801, ag athrú ainm na ríochta go '''Ríocht na Breataine Móire agus Éireann''<nowiki/>', nó An Ríocht Aontaithe
=== Impireacht na Breataine ===
|