An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Fáilte"

Content deleted Content added
mNo edit summary
nascanna d'fhoclóirí
Líne 1:
Tá fáilte romhat go [[Vicipéid]], ciclipéid shaor atá á comhscríobh faoi láthair ar an suíomh seo. Cuireadh tús le [[Vicipéid na Gaeilge]] ar [[7 Meitheamh]] [[2003]] agus faoi láthair tá {{NUMBEROFARTICLES}} alt ar fáil ann. Tá gach uile alt sa suíomh seo faoi chosaint an [[Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor|Cheadúnais GNU do Dhoiciméadú Saor]]. Mar sin, beifear in ann teacht orthu go deo gan bhac.
 
Is féidir le duine ar bith, tusa san áireamh, alt ar bith a chur in eagar anois díreach. Níl le déanamh agat ach brú ar an nasc '''Cuir in eagar''' (nó '''Cuir foinse in eagar''') atá suite ag barr gach leathanach. Mura bhfuil alt scríofa ar ábhar éigin go fóill, is féidir leat '''[[Cabhair:Tús a chur le leathanach nua|alt nua a chruthú]]'''. Ná bí buartha mura bhfuil Gaeilge líofa agat agus tú ag cruthú alt nua. Is féidir [[Teimpléad:Athbhreithniú|an teimpléad seo]] a chur ar bharr an ailt ionas go mbeidh cainteoir dúchasach nó cainteoir líofa in ann súil a chaitheamh ar an litriú agus ar an ngramadach níos déanaí. Más rud é go bhfuil leagan Gaeilge ar fhocal nó ar théarma ag teastáil uait, bain triail as na foclóirí agus na bainc théarmaíochta atá ar fáil ar líne. Mar shampla, [http://www.teanglann.ie teanglann.ie], [http://www.focloir.ie foclóir.ie] [http://www.acmhainn.ie achmhainn.ie], [http://www.tearma.ie téarma.ie], [http://www.irishdictionary.ie/dictionary irishdictionary.ie], [http://iate.europa.eu/ IATE], [http://www.potafocal.com/ Pota Focal] agus [https://www.gaois.ie/en/corpora/monolingual/ gaois.ie].
 
Tá sé inmholta '''cuntas a chruthú''' duit féin sula dtosaíonn tú ag déanamh aon eagarthóireacht, ionas go mbeidh sé níos éasca comhoibriú leat agus dul i dteagmháil leat. Mura bhfuil cuntas agat go fóill, téigh go dtí [[Speisialta:Userlogin|an leathanach seo]].