An difríocht idir athruithe ar: "Louis Antoine Léon de Saint-Just"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 1:
{{glanadh|beag=beag}}
[[Íomhá:Saint Just.jpg|thumb|Louis de Saint-Just]]
RugadhCeannaire de chuid [[Réabhlóid na Fraince]] ab ea '''Louis Antoine Léon de Saint-Just''' (a rugadh i nDecize, (Nièvre), ar [[25 Lúnasa]] [[1767]] agus a fuair bás faoin ngilitín i b[[Páras]] ar [[28 Iúil]] [[1794]]). Clú na dígeantachta air i rith na Sceimhle. ThugtaíTugadh “Ardaingeal na Sceimhle” air. Ba chara le [[Robespierre]] é agus básaíodh iad i dteannta a chéile.
[[Íomhá:Portrait présumé de Louis-Antoine de Saint-Just.jpg|mion|Louis-Antoine-de-Saint-Just.jpg]]
 
== Saol ==
Garmhac le nótaire, chláraigh sé mar mhac léinn dlí in [[Ollscoil]] Reims, ach d'éirigh sé as tar éis bliana.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.facebook.com/UCDSchoolofLaw/posts/2707473219276985|teideal=UCD School of Law|údar=Scoil Dlí, COBAC|dáta=|language=ga|work=www.facebook.com|dátarochtana=2020-07-28}}</ref>
 
I ndiaidh Réabhlóid 1789 tháinig sé chun cinn mar cheannaire réabhlóideach ina [[Sráidbhaile|shráidbhaile]] Blérancourt (atá i département [[Aisne]] faoi láthair). Ba ghearr gur tharraing sé aird [[Maximilien Robespierre]], a bhí ina dhlúthchara aige ina dhiaidh sin.
 
=== Ball den Choinbhinsiúin ===
Sa bhliain 1792 a toghadh chun an Choinbhinsiúin Náisiúnta nua é, agus é an ball ab óige inti. Labhair sé ar dtús chun [[Louis XVI na Fraince|Louis XVI]] (an « fealltóir » « Louis Capet ») a cháineadh go fíochmhar agus chun éileamh a dhéanamh go ndéanfaí é a chur chun [[Bás|báis]]. Thacaigh an óráid sin leis na Seacaibínigh glacadh leis sin mar a mbeartas féin agus dá réir sin dícheannadh Louis ar an n[[gilitín]] in Eanáir 1793.
 
Bhí Saint-Just ar thús cadhnaíochta lucht dréachtaithe [[Bunreacht|Bhunreacht]] 1793, a bhí [[Daonlathas|daonlathach]] ó bhonn agus ar glacadh leis go hoifigiúil ar [[24 Meitheamh]] [[1793]]. Mar sin féin, níor tháinig an Bunreacht sin i bhfeidhm riamh, ó ba rud é go raibh an Phoblacht ag troid chun maireachtáil agus ag cur in aghaidh ionradh ar chríoch na Fraince ag comhrialtas na gcumhachtaí frith-réabhlóideacha.
 
Ó Iúil 1793 go dtí Iúil 1794 bhí Saint-Just ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí, ar ligeadh an Coinbhinsiún Náisiúnta dó cumhachtaí [[Deachtóireacht|deachtóra]] a fheidhmiú chun an Réabhlóid a chosaint.
[[Íomhá:Blérancourt2.JPG|clé|mion|Teach St Just i mBlérancourt; [[iarsmalann]] inniu]]
Dhíbir an Coiste easaontóirí Girondin as an gCoinbhinsiún Náisiúnta i bpróiseas fada a tharla idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair 1793. Uime sin, glacadh le [[Dlí]] na nAmhrastach i mí Mheán Fómhair, de bharr Saint-Just a bheith ag gríosadh go nglacfaí leis. Faoin dlí sin gabhadh na céadta mílte, meastar, agus fuair na mílte bás.
 
=== Uachtarán ar an gCoinbhinsiún Náisiúnta ===
Toghadh Saint-Just ina [[Uachtarán]] ar an gCoinbhinsiún Náisiúnta ar a [[19 Feabhra]] [[1794]] agus bhí páirt mhór aige [[Ré an Uafáis]], in aghaidh naimhde líomhnaithe na Poblachta. Mar shampla
 
* ruaigeadh na «  hébertistes » (ar an [[eite chlé]]) i Márta 1794.
* ruaigeadh [[Georges Jacques Danton|Danton]] agus a lucht leanúna in Aibreán 1794.
 
Le Dlí 22 Prairial ([[10 Meitheamh]] [[1794]]) géaraíodh Ré an Uafáis arís, trí choincheap « namhaid an phobail » a thabhairt isteach,
 
* deireadh a chur le ceart an chúisí chun dlíodóirí nó finnéithe cosanta,
* srianadh a chur ar an bhfíorasc (bás nó éigiontú) agus
* gach díolúine ó ionchúiseamh a bhaint de bhaill an Choinbhinsiúin.
 
=== Bású ===
[[Íomhá:Louis-Antoine-de-Saint-Just.jpg|clé|mion|St Just lesi an péintéir David]]
Mhéadaigh luas na gcúiseamh agus na mbásuithe go mór sna seachtainí ina dhiaidh sin. Dá bharr sin d'éirigh tromlach an Choinbhinsiúin Náisiúnta amach i gcoinne Robespierre agus a chomhghleacaithe (27-28 Iúil 1794) a cuireadh chun báis iad féin, ina measc Saint-Just, a bhí dílis go díograiseach dó deireadh mar chara agus mar chomhghleacaí.
 
Cúis amháin ar cheap an dream a bhí ag cur in éadan Robespierre agus Saint-Just go raibh siad in ann iad a shárú in Iúil 1794 ná go raibh cúrsa an [[Cogadh|chogaidh]] i bhfabhar go mór le Poblacht le linn na bliana go dtí sin, go pointe áirithe mar gheall ar ghníomhaíochtaí Saint-Just mar choimisinéir míleata, tráth ar bhain sé úsáid as pionós an bháis i gcoinne ceannasaithe mainneachtnacha, go dian ach ar bhonn roghnaitheach.
 
== Féach freisin ==
* [[Réabhlóid na Fraince (1789)]]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Saint-Just, Louis de}}