An difríocht idir athruithe ar: "Vasiliy Grossman"

Content deleted Content added
Líne 36:
 
Thosaigh Vasiliy ag scríbhneoireacht nuair a bhí sé ar scoil, agus cé gur bhain sé amach céim an innealtóra, níor éirigh sé as an gcaitheamh aimsire seo. Thaitin ceann dá chuid gearrscéalta luatha, ''В городе Бердичеве/V gorode Berdicheve'' ("I gcathair Berdychiv") le Maksim Gorkiy agus le Mikhail Bulgakov, agus spreag siad chun pinn é. Sa bhliain 1967, rinne an stiúrthóir Aleksandr Askoldov an scannán úd ''Комиссар/Komissar'' ("An Coimeasár") a bhí bunaithe ar imeachtaí an ghearrscéil seo, ach níor ceadaíodh an scannán seo a chur os comhair lucht féachana ach i mblianta deireanacha an Aontais Shóivéadaigh.
 
[[Íomhá:Vasilij Grossman, 1945 (cropped).jpg|mion|Vasilij Grossman in [[Schwerin]] (1945)]]
Timpeall ar lár na dtríochaidí d'éirigh Grossman as an innealtóireacht le dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha. Sa bhliain 1936 bhí dhá dhíolaim gearrscéalta leis i gcló, agus sa chéad bhliain eile bhí sé ina bhall de chumann scríbhneoirí an Aontais Shóivéadaigh. Le linn an Phurgaithe Mhóir faoi dheireadh na dtríochaidí gabhadh cuid mhór de lucht a ghaoil is a aitheantais, ina measc siúd a bhean chéile faoin dlí coiteann. Chaith sé leathbhliain ag impí ar na húdaráis státslándála í a scaoileadh saor, agus sa deireadh thiar thall fuair sé a achainí.