An difríocht idir athruithe ar: "Ailse"

Content deleted Content added
m Róbó: Ag socrú athsheolta dúbailte → An ailse
chlib amháin: Redirect target changed
https://www.tearma.ie/q/ailse/ga/ mar an gcéanna sna foclóirí agus ciclipéidí
clib: Removed redirect Visual edit: Switched
Líne 1:
[[Íomhá:Cancer cells (1).jpg|mion|
#athsheoladh [[An ailse]]
[[Cill (bitheolaíocht)|cealla]] ag fás agus ag táirgeadh
]]
An '''ailse''' a thugtar ar ghrúpa de [[galar|ghalair]] áirithe ina mbíonn [[Cill (bitheolaíocht)|cealla]] ag fás agus ag táirgeadh cóipeanna as smacht<ref>Úsáidtear an leagan ''aillse'' i n[[Gaeilge na hAlban]].</ref>. Galar is ea an ailse a fhéadfaidh a bheith marfach ina dtarlaíonn atáirgeadh neamhrialta i bhfíochán ar leith ionas go gcruthaítear siad sa cholainn<ref>Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)</ref>.
 
Nuair is mall fás is leathadh an tsiada, is siad éadrom é, cosúil le faithní is baill dobhráin. Is siad urchóideach siad a leathann trí insíothlú isteach i bhfíocháin eile nó a théann isteach in imshruthú na fola, a neadaíonn is a fhásann siada ([[Meiteastáis|meiteastáiseanna]]) in áiteanna eile ar fud na [[Corp an duine|colainn]]<nowiki/>e.
[[Íomhá:Breast_cancer.JPG|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Breast_cancer.JPG|mion|[[Ailse chíche]]
]]
Is iomaí saghas ailse atá ann, agus is galair mharfacha iad cuid mhaith díobh. Tá níos mó ná 100 saghas ann, agus is cúis í le níos mó ná 30% de na básanna in Éirinn sa bhliain 2017<ref>[https://www.cancer.ie/about-us/media-centre/cancer-statistics#sthash.BAVPMUsL.dpbs https://www.cancer.ie/about-us/media-centre/cancer-statistics] agus http://www.cso.ie/en/index.html</ref>.
 
== Cúiseanna ==
Tá go leor cúiseanna éagsúla ann.
 
Maraíonn an ailse duine trí fhíocháin riachtanacha a mhilleadh, cur isteach ar a bhfeidhmeanna (trí othrasú, rith fola is ionfhabhtú), nó cur isteach ar chothú na colainne. Is údar ailse nó carcainigin aon ghníomhaí a chuireann tús le hailse.
[[Íomhá:Skin_cancer_waxy_lump.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Skin_cancer_waxy_lump.jpg|mion|
[[Ailse chraicinn]]
]]
Tá an-chuid harcainiginí ar eolas, ina measc [[caitheamh tobac]], [[Toit|deatach]] [[Tionscal|tionsclaíoch]], [[X-ghathanna|X-radaíocht]], [[gáma-radaíocht]], [[radaíocht ultraivialait]], agus an-chuid ábhair datha, mar shampla [[aispeist]].
 
Meastar go gcuireann carcainigin bun le hathruithe i ngéinte cille, agus gur uaidh sin a spreagann na géinte athraithe an fás neamhrialta ailseach.
 
== Anailís ==
Déantar anailísiú micreascópach ar chealla an tsiada urchóidigh, agus léiríonn sé sin airíonna is bunús na gceall.
[[Íomhá:Stomach-Cancer.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Stomach-Cancer.jpg|mion|
Ailse ghoile
]]
Má bhíonn airíonna bunúsacha na gceall caillte, deirtear go bhfuil siad nearnhdhifreáilte (anaplaisteach), agus de ghnáth bíonn siad mar seo an-urchóideach, ag fás meiteastáiseanna go tapa.
 
Go hiondúil ligeann anailís rnhicreascópach na gceall ailseach don [[Dochtúir leighis|dochtúir]] an chóireáil is fearr a phleanáil chun teacht sa mhullach ar an ailse: [[máinliacht]], [[radaiteiripe]] le X-radaíocht nó gáma-radaíocht, nó [[ceimiteiripe]] le [[druga]]í éagsúla.
 
== Tíopeolaíocht ==
Rangaítear ailsí i 4 ghrúpa mar seo:
* carsanóma (a thosaíonn sa chraiceann nó i gcealla dromchlacha (eipitéileacha) na bhfíochán taobh istigh den cholainn),
* [[sarcóma]] (a bhaineann le cnámh, matán, loingeán nó saill),
* [[leoicéime]] (a thosaíonn i gcealla bána (leocaicítí) na fola), agus
* [[An liomfóma|liomfóma]] (a thosaíonn sa líonra feadán a bhailíonn an limfe, an leacht gan dath a phúscann amach as na fíocháin sa cholainn).
[[Íomhá:Lymphoma_macro.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Lymphoma_macro.jpg|mion|
[[an liomfóma]]
]]
 
== Féach freisin ==
* [[Ailse chíche]]
* [[Ailse chraicinn]]
* [[Ailse ghoile]]
* [[Ailse mhuineál na broinne]]
* [[Ailse phróstataigh]]
* [[An liomfóma]]
* [[Galar Hodgkin]]
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
[[Catagóir:Ailse| An ailse]]
[[Catagóir:Oinceolaíocht]]