An difríocht idir athruithe ar: "Cultúr Iamna"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Ag baint Dnieper-Donets_male.jpg amach, scrios CptViraj é ón Chómhaoin mar: G2: Broken redirect
Líne 23:
Mhaígh [[Marija Gimbutas]] i dteoiric na gcurgan aici gurb ionann an cultúr Iamna agus na Próta-Ind-Eorpaigh dhéanacha. Taispeánann staidéir ghéiniteacha a rinneadh ó 2015 i leith gur leath teangacha Ind-Eorpacha ar fud na hEorpa ó na steipeanna Eoráiseacha agus go raibh baill den chultúr Iamna ina nInd-Eorpaigh. De réir na staidéar sin, is cosúil gur spréigh na [[haplaghrúpa]]í R1b agus R1a amach ó na steipeanna Pontacha agus Caispeacha in éineacht leis an Ind-Eorpais: iadsan an haplaghrúpaí is coitianta san Eoraip, agus tá R1a forleathan san Áise Theas. Tá [[uathshóim]] ag Eorpaigh an lae inniu nach raibh ag Eorpaigh Neoiliteacha agus a tháinig isteach leis na ginealaigh athartha R1b agus R1a sa Chré-umhaois, i dteannta na hInd-Eorpaise, is dócha.{{sfn|Haak|Lazaridis|Patterson|Rohland|2015}}<ref>{{cite |title=Eight thousand years of natural selection in Europe |author=Mathieson |display-authors=etal |year=2015}}</ref>
 
 
[[File:Dnieper-Donets male.jpg|right|upright=1.1|thumb|Athchruthú eolaíoch d’aghaidh fir ón gcultúr Dnieper-Donets. Tá cosúlacht idir Y-DNA fir Dnieper-Donets agus fir Iamna, cé go gcuireann mtDNA Iamna in iúl go ndearnadh meascadh le mná ó chultúir eile.{{sfn|Anthony|2019a|p=1-19}}]]
 
Rinne Haak ''et al.'' (2015), Wilde ''et al.'' (2014) agus Mathieson ''et al.'' staidéir ghéinteacha a léirigh airíonna fisiciúla na nIamnach: bhí siad ard (rud atá ag brath ar ghéinte agus ar an timpeallacht), bhí súile donna ag a bhformhór mór, bhí ceann dubh orthu agus bhí a gcraiceann níos dorcha ná craiceann an ghnáth-Eorpaigh inniu.<ref name=Wilde>{{cite journal|title=Direct evidence for positive selection of skin, hair, and eye pigmentation in Europeans during the last 5,000 years|journal=[[Proceedings of the National Academy of Sciences of the United States of America|PNAS]] |doi=10.1073/pnas.1316513111 |pmid=24616518 |year=2014 |volume=111 |issue=13 |author=Wilde, Sandra |pages=4832–4837 |pmc=3977302 |bibcode=2014PNAS..111.4832W}}</ref>{{sfn|Mathieson|2015}} D’ainneoin an tsaoil thréadaigh a bhí acu ní mór an fhianaise atá ann go raibh inchoimeádachas lactáise iontu (i.e. go bhféadfaidís bainne ainmhithe a ól seachas bainne daonna).{{sfn|Haak|Lazaridis|Patterson|Rohland|2015}}