An difríocht idir athruithe ar: "Horst Bienek"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Scríbhneoir Gearmánach ab ea é '''Horst Bienek''' (rugadh ar an 7 Bealtaine 1930 é i nGleiwitz, inniu Gliwice sa Pholainn, fuair sé bás ar an 7 Nollaig 1990 i München). ==A ...
 
Rang +IV +Naisc +Íomhá
Líne 1:
[[Íomhá:Horst bienek tafel polnisch.jpg|thumb|Plaic chuimhneacháin do Horst Bienek i nGleiwitz/nGliwice.]]
[[Scríbhneoir]] [[An Ghearmáin|Gearmánach]] ab ea é '''Horst Bienek''' (rugadh ar an [[7 Bealtaine]] [[1930]] é i nGleiwitz, inniu Gliwice sa [[an Pholainn|Pholainn]], fuair sé bás ar an [[7 Nollaig]] [[1990]] i München).
 
==A Shaol==
Chaith Horst Bienek tús a óige i nGleiwitz, ach nuair a tháinig deireadh leis [[An Dara Cogadh Domhanda|an gcogadh]], thit an chathair leis an bPolainn. Ansin, d'fhág an fear óg an áit, agus shocraigh sé síos i [[Beirlín|mBeirlín]]. Ar dtús, bhí sé ag staidéar amharclannaíochta faoi stiúradh [[Bertolt Brecht]], ach ós rud é gur minic a théadh sé ar cuairt chuig cairde i mBeirlín Thiar, nach raibh dealaithe ón Oirthear go fóill san am seo, rug na póilíní rúnda air i ndeireadh na bliana 1951, agus é á ionchúisiú faoi spiaireacht. Ghearr binse míleata na Sóivéadach príosúnacht cúig bliana is fiche dó. Chaith sé ceithre bliana i gcampa géibhinn i Vorkuta, ach ansin, fuair sé pardún agus cead dul ar imirce go hIarthar na Gearmáine. Bhí sé ina chraoltóir don staisiún raidió ''Hessischer Rundfunk'' agus ina eagarthóir ar an iris Blätter & Bilder. Sa bhliain 1966, chuaigh sé ag obair ina eagarthóir liteartha ag an teach foilsitheoireachta Deutscher Taschenbuch Verlag i München, áit ar fhan sé go lá a bháis.
 
Tháinig an t-úrscéal ''Die Zelle'' amach sa bhliain 1968. Cur síos atá ann ar a shaol i mbraighdeanas na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadach]]. Go ginearálta, scríobh Bienek i dteanga néata gan mórán maoithneachais, agus d'imir imeachtaí agus atmaisféar na Gearmáine sna blianta iarchogaidh an-tionchar ar a chuid scríbhneoireachta. Thosaigh sé mar fhile liriciúil, ach is iad na húrscéalta eipiciúla faoi shaol Gleiwitz a bhreac sé síos sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí is mó a thabhaigh clú agus cáil dó, gan trácht a dhéanamh ar na duaiseanna liteartha.
Chaith Horst Bienek tús a óige i nGleiwitz, ach nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thit an chathair leis an bPolainn. Ansin, d'fhág an fear óg an áit, agus shocraigh sé síos i mBeirlín. Ar dtús, bhí sé ag staidéar amharclannaíochta faoi stiúradh [[Bertolt Brecht]], ach ós rud é gur minic a théadh sé ar cuairt chuig cairde i mBeirlín Thiar, nach raibh dealaithe ón Oirthear go fóill san am seo, rug na póilíní rúnda air i ndeireadh na bliana 1951, agus é á ionchúisiú faoi spiaireacht. Ghearr binse míleata na Sóivéadach príosúnacht cúig bliana is fiche dó. Chaith sé ceithre bliana i gcampa géibhinn i Vorkuta, ach ansin, fuair sé pardún agus cead dul ar imirce go hIarthar na Gearmáine. Bhí sé ina chraoltóir don staisiún raidió Hessischer Rundfunk agus ina eagarthóir ar an iris Blätter & Bilder. Sa bhliain 1966, chuaigh sé ag obair ina eagarthóir liteartha ag an teach foilsitheoireachta Deutscher Taschenbuch Verlag i München, áit ar fhan sé go lá a bháis.
 
Tháinig an t-úrscéal ''Die Zelle'' amach sa bhliain 1968. Cur síos atá ann ar a shaol i mbraighdeanas na Sóivéadach. Go ginearálta, scríobh Bienek i dteanga néata gan mórán maoithneachais, agus d'imir imeachtaí agus atmaisféar na Gearmáine sna blianta iarchogaidh an-tionchar ar a chuid scríbhneoireachta. Thosaigh sé mar fhile liriciúil, ach is iad na húrscéalta eipiciúla faoi shaol Gleiwitz a bhreac sé síos sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí is mó a thabhaigh clú agus cáil dó, gan trácht a dhéanamh ar na duaiseanna liteartha.
 
==A Shaothar==
 
Na húrscéalta faoi Gleiwitz:
 
* ''Die erste Polka'' ("An Chéad Pholca")
* ''Septemberlicht'' ("Solas an Mheán Fómhair")
Line 16 ⟶ 14:
* ''Erde und Feuer'' ("Talamh agus Tine")
 
Is éard atá sa chéad [[úrscéal]] ná cur síos ar an lá deireanach síochána i nGleiwitz. Sa dara húrscéal, arís, tá an cogadh tosaithe. Sa tríú himleabhar, tá an cogadh ag dul de na Gearmánaigh, agus cloig na heaglaise á dtógáil anuas leis an miotal a leá le haghaidh an chogaidh. Is é is ábhar don cheathrú húrscéal ná deireadh an chogaidh agus an chinniúint atá i ndán do charachtair na sraithe. Cuid acu, fanann siad sa bhaile i nGleiwitz, agus na Sóivéadaigh ag sealbhú na háite; an chuid eile, tá siad ag iarraidh éalú, ach tá sé daite dóibh bás a fháil i mbuamálacha móra Dresden.
 
Eile:
 
* ''Die Zelle'' ("An Cillín")
* ''Bakunin, eine Invention'' ("Bakunin, nó cineál scéal cumadóireachta") - cur síos ar shaol Mikhail Bakunin, an t-ainrialaí Rúiseach, atá anseo, agus san am céanna súil chriticiúil atá ann ar mheon na n-idéalaithe óga i ndeireadh na seascaidí
Line 26 ⟶ 23:
* ''Königswald oder die letzte Geschichte'' ("Königswald, nó an Scéal Deireanach" - logainm is ea é Königswald a chiallaíonn Coill an Rí nó Foraois an Rí) - Cineál seachthoradh is ea é seo don tsraith faoi Gleiwitz - úrscéal faoi na himeachtaí i ndeireadh an chogaidh sa Bhoihéim (is é sin, in iarthar na Seicshlovaice, a bhí forghafa ag na Gearmánaigh). Seanmhná iad na príomhcharachtair, agus díorma de chuid an SS ag iarraidh a dteach a shealbhú le cath deireanach an éadóchais a chur ansin ar na treallchogaithe Seiceacha agus ar na saighdiúirí Sóivéadacha. Téann na seanmhná chun ceannairce agus chun cearmansaíochta ar fhir an SS, áfach, ós rud é nach dteastaíonn a leithéid de chath uathusan ar aon nós.
* ''Birken und Hochöfen. Eine Kindheit in Oberschlesien'' ("Beithí agus Múcháin. Mo chéad óige sa tSiléis Ard").
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí]]
 
[[cs:Horst Bienek]]
[[de:Horst Bienek]]
[[pl:Horst Bienek]]