An difríocht idir athruithe ar: "Lá an Altaithe (Stáit Aontaithe)"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'deas|250px|thumb|Lá an Altaithe Is saoire phoiblí ceiliúrtha ar an ceathrú Déardaoin na Samhna san Stáit Aontaithe Mheir...'
 
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:The First Thanksgiving cph.3g04961.jpg|mion|Massachusetts in 1621, le Jean Leon Gerome Ferris, t. 1912.]]
[[Íomhá:Thanksgiving_grace_1942.jpg|deas|250px|thumb|Lá an Altaithe]]
[[Íomhá:Thanksgiving brownscombe.jpg|mion|le Jennie A. Brownscombe, 1914.]]
Is saoire phoiblí ceiliúrtha ar an ceathrú Déardaoin na Samhna san [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] é '''Lá an Altaithe'''.
Ceiliúrtar Lá an Altaithe ar an ceathrú Déardaoin i mí na Samhna sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]]. Is é Lá Altaithe ceann de thrí lá mhóra na bliana i Meiriceá ([[Lá Nollag]] agus an 4 Iúil na cinn eile). Is ócáid é a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht.
 
== Stair ==
{{síol}}
I ndeireadh an tsamhraidh 1620, tháinig grúpa [[oilithreach]] i dtír in Plymouth, [[Massachusetts]], agus iad ar a mbealach go [[Virginia]], áit a raibh Sasanaigh ina gcónaí ó 1607 i leith.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.beo.ie/alt-la-altaithe-an-fheile-is-ansa-leis-na-meiriceanaig.aspx|teideal=Lá Altaithe: an fhéile is ansa leis na Meiriceánaigh|údar=Brian Ó Broin|dáta=|language=ga|work=Beo!|dátarochtana=2020-11-26}}</ref> Níorbh fhéidir leo seoladh thar [[Cape Cod]] in am don [[Geimhreadh|gheimhreadh]], ámh, agus shocraíodar dul i dtír ansin.
 
Fuair 49 den 102 oilithreach bás an geimhreadh sin, ach threabhadar leo, agus le cúnamh Indiaigh darbh ainm Squanto, a raibh [[An Béarla|Béarla]] aige ó na blianta a chaith sé mar [[Sclábhaíocht|sclábhaí]] ag na [[Sasanaigh]], d’fhoghlaimíodar modhanna [[Feirmeoireacht|feirmeoireachta]].
[[Íomhá:Frances Brundage Thanksgiving.jpg|mion|Cárta Thanksgiving ke Frances Brundage, t. 1900]]
Mhair an chuid is mó acu trí 1621, agus mar chomhartha buíochais, shocraíodar fleá a eagrú. Is cosúil gur tugadh cuireadh do roinnt Indiach sa cheantar, agus is mór an seans gur itheadh [[turcaí]] agus [[Práta milse|prátaí milse]]. Is cinnte gur lean an fhleá ar feadh trí lá, agus gur thug na hIndiaigh fianna le róstadh do na hoilithrigh. Ach ba Dhian-[[An Protastúnachas|Phrotastúnaigh]] na hoilithrigh seo, agus ní raibh ceiliúradh eile ann ina dhiaidh sin.
 
B’in, chomh fada agus is eol dúinn, an chéad dinnéar altaithe i Meiriceá, cé go ndeir staraithe go ndearna grúpa oilithreach altú do Dhia i Jamestown, [[Virginia]], dhá bhliain roimh an bhfleá thuasluaite.
 
=== 1770idí ===
[[Íomhá:Thanksgiving_grace_1942.jpg|220x220px|thumb|1940ː Is ócáid é a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht.]]Le linn [[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá|Chogadh Saoirse Mheiriceá]] sna 1770idí, gaireadh laethanta altaithe as na buanna áirithe a bhain fórsaí Mheiriceá amach in aghaidh [[Sasana|Shasana]]. Ach ceiliúradh iad ar laethanta difriúla de réir mar a shocraigh na stáit áirithe iad dóibh féin.
 
Ghair George Washington laethanta altaithe faoi dhó, i 1789 agus i 1795. Ó am go chéile as sin amach, ghair an tUachtarán lá altaithe má shíl sé go raibh cúis altaithe ag an tír.
[[Íomhá:Vital Signs Vol. 4 No. 2, 1 November 1981 (IA NRMCOrlandoVitalSigns42811101).pdf|mion|Na rialacha, 1981]]
 
=== 1863 ===
Ba é [[Abraham Lincoln]] a leag síos dáta oifigiúil dó den chéad uair. Níor ceiliúradh Lá Altaithe i Meiriceá ar bhonn náisiúnta go hoifigiúil go dtí 1863, nuair a ghair an t[[Uachtarán na Stát Aontaithe|Uachtarán]] [[Abraham Lincoln|Lincoln]] lá altaithe do Dhéardaoin dheireanach mhí na Samhna an bhliain sin. Ba chosúil, dar leis, go raibh ag éirí go maith le harm na hAontachta sa [[Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe|chogadh cathartha]], agus ba mhian leis altú a thabhairt dá réir. Thaitin an fhéile go mór le pobal na tíre, agus gaireadh Lá Altaithe chuile bhliain ó shin i leith.
[[Íomhá:A Thanksgiving day movie;a picture show of Puritan days, (IA thanksgivingdaym00herm).pdf|clé|mion|"A Thanksgiving day movie;a picture show of Puritan days" le Hermes, Ethelle Manning, 1929]]
 
== Nósanna ==
Lá tábhachtach is ea Lá Altaithe i miotaseolaíocht Mheiriceá.
 
Ítear [[turcaí]], [[Práta milse|prátaí milse]], búiste, [[anlann]] sonóige agus pióg puimcín.
 
Nós é i Meiriceá gan éinne a fhágáil leis féin Lá Altaithe. Cuirtear féastaí ar siúl fiú do dhaoine gan [[Tithíocht inacmhainne|dídean]] ar an lá seo.
 
Tá béim ar leith leagtha ar an Pheil Mheiriceánach. Imrítear dhá chluiche mhóra ar a laghad ar Lá an Altaithe.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}{{síol}}
{{DEFAULTSORT:La an Altaithe}}
[[Catagóir:Cultúr na Stát Aontaithe]]
[[Catagóir:Stair na Stát Aontaithe]]
[[Catagóir:Féilte]]