An difríocht idir athruithe ar: "Máthair Treasa"
Content deleted Content added
Ag baint President_Reagan_presents_Mother_Teresa_with_the_Medal_of_Freedom_1985.jpg amach, agus ag chur [[:Íomhá:President_Ronald_Reagan_presents_Mother_Teresa_with_the_ |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:MotherTeresa 090.jpg|thumb|An Mháthair Treasa sa bhliain 1986|clé]]
[[Íomhá:President Ronald Reagan presents Mother Teresa with the Medal of Freedom at a White House Ceremony in the Rose Garden.jpg|mion|An Máthair Treasa agus [[Ronald Reagan]] sa bliain [[1985]].|clé]]
[[Bean rialta]] [[Caitliceach|Chaiitliceach]] ba ea '''an Mháthair Treasa''' nó ''Agnesë Gonxhe Bojaxhiu'' ([[26 Lúnasa]] [[1910]] – [[5 Meán Fómhair]] [[1997]]). Bhunaigh sí [[Misinéirí na Catharnachta]] i g[[Calcúta]] na h[[India]] sa bhliain [[1950]].<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/21049888|teideal=Naomh Teresaː Cur síos ar Mháthair Treasa Kolkata (RTÉ Radio Player - Raidió na Gaeltachta)|údar=Máire Ni Sheanacháin|dáta=2016|work=www.rte.ie|dátarochtana=2020-12-10}}</ref>
Chaith an Mháthair Treasa a saol ag cabhrú leis na bochtáin, i gCalcúta ar dtús, agus ansin in áiteanna eile ar fud an domhain. Is é “Naomh na mBocht” an leasainm atá uirthi.<ref>{{Lua idirlín|url=https://ccea.org.uk/downloads/docs/ccea-asset-im/Resource/an%20Mh%C3%A1thair%20Treasa.pdf|teideal=Beatha le Bua|údar=ccea.org.uk|dáta=|dátarochtana=2020}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=https://ccea.org.uk/downloads/docs/ccea-asset-im/Resource/Leabhar%20Saothair%20-An%20Mh%C3%A1thair%20Treasa.pdf|teideal=Leabhar saothair|údar=ccea.org.uk|dáta=|dátarochtana=2020}}</ref> Tá a cuid oibre á leanúint ar aghaidh i 87 tír ar fud an domhain.
Chaith sí cúig bliana is daichead ag obair ann agus ag cur le fás Mhisinéirí na Catharnachta ar fud na tíre agus an domhain.▼
Faoi am na [[1970í|1970idí]] bhí clú agus cáil uirthi, ach go háirithe nuair a craoladh clár faisnéise agus a foilsíodh [[leabhar]], ''Something Beautiful for God'' le Malcolm Muggeridge.
== Saol ==
=== Luathshaol ===
Bugadh an Mháthair Treasa i mbaile [[Skopelos|Skopje]] sa [[An Mhacadóin Thuaidh|Mhacadóin]] 27ú Lúnasa 1910. Is é Agnes Gonxha Bojaxhiu an t-ainm a bhí uirthi ar dtús. Ba as an [[An Albáin|Albáin]] an [[teaghlach]] s’aici. Bhí siopa ag a hathair agus bhí a beirt tuismitheoirí iontach dílis don [[Creideamh|chreideamh]] [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Chaitliceach]].
Nuair a bhí sí dhá bhliain déag thuig sí go raibh gairm ó Dhia aici. Bhí sí ag iarraidh a bheith ag ina misinéir san India.
=== Tréimhse in Éirinn ===
i 1928, nuair a bhí sí 18 mbliana d’aois, chuaigh Agnesë Bojaxhiu isteach in [[ord rialta]]. D’fhág sí Skopje agus chuaigh sí ag obair le hord cráifeach darb ainm Siúracha Loreto. Ord [[Éireannach]] a bhí ann, agus bhí na mná rialta ag déanamh cuid mhór oibre san India.
Tháinig ansin an bhean óg ón [[An Mhacadóin Thuaidh|Macadóin]] go [[Éire|hÉirinn]] chun dhá mhí a chaitheamh leis na siúracha Loreto i [[Ráth Fearnáin]], [[Baile Átha Cliath|Baile Athá Cliath]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.pressreader.com/ireland/irish-independent-seachtain/20160921/281938837387806|teideal=Naomh a chaith seal in Éirinn|údar=Irish Independent|dáta=̄22 MF 2016|work=www.pressreader.com|dátarochtana=2020-12-10}}</ref>
Tháinig sí go hÉirinn chun Béarla a fhoghlaim. Chaith sí tamall de mhíonna ag traenáil agus ag foghlaim Béarla, agus d'éirigh sí go maith as.
Ansin cuireadh í anonn chun na hIndia. Ghlac sí a céad mhóideanna mar bhean rialta sa bhliain 1931.
=== Loreto in India ===
Idir 1931 agus 1948, bhí sí ag teagasc in Ardscoil Naomh Muire i gCalcúta. Is ag an am seo a ghlac sí an t-ainm Treasa uirthi féin. Roghnaigh sí an t-ainm sin in onóir do naomh Francach Naomh Therèse Lisieux.
Ba le linn di a bheith ag obair i gCalcúta a thuig sí méid an léin agus na [[Bochtanas|bochtaineachta]] a bhí sa [[Cathair (lonnaíocht)|chathair]]. Níor cuireadh [[oideachas]] ar bith ar a lán de na leanaí i slumaí Chalcúta.
I 1946 d’éirigh sí tinn, agus bhí cuma air go raibh eitinn uirthi. Cuireadh í chuig baile darb ainm Darjeeling le biseach a fháil. Ach ar a bealach ann ar an traein tharla rud iontach. Chuala sí guth Dé ag rá léi gach rud a fhágáil ina diaidh agus dul a chuidiú le daoine bochta an tsaoil.
I 1948 fuair sí cead an scoil a fhágáil agus obair a dhéanamh i measc na ndaoine bochta ar na sráideanna. Tar éis cead a fháil an post a bhí aici ina hord rialta a fhágáil, chuaigh sí faoi oiliúint san [[ospidéal]] "Holy Familyːi bPatna ionas go bhféadfadh sí cabhrú leis na bochtáin ar bhealach praiticiúil.
D'oscail sí teach do pháistí a bhí ina gcónaí ar na sráideanna. Roimh i bhfad thug na páistí an t-ainm an Mháthair Treasa uirthi. Bhí sé deacair aici ar dtús mar ní raibh airgead ar bith aici. Ach de réir a chéile tháinig daoine eile a chuidiú léi agus thosaigh daoine a thabhairt airgid di. Chiallaigh seo go dtiocfadh léi a cuid oibre a leathnú amach. D’oscail sí teach altranais ar áit a raibh teampall [[An Hiondúchas|Hiondúch]]. Ansin d’oscail sí áit chónaí ar son páistí gan tuismitheoirí agus áit chónaí ar son daoine a raibh [[lobhra]] orthu.
Leath Misinéirí na Carthanachta ar fud na cruinne agus bhí thart ar 5000 ag obair iontu sa bhliain 2014.
Fuair sí bás ar 5 Meán Fómhair 1997.
=== Misinéirí na Carthanachta ===
Ansin d’fhág sí [[Ord Loreto]] agus bhunaigh sí ord rialta nua "[[Misinéirí na Carthanachta]]" i 1950, chun obair a dhéanamh i measc an léin agus chun freastal ar na bochtáin ba bhoichte. Chuir an Mháthair Treasa áras ar bun do na daoine a bhí ag fáil [[Bás|bháis]] agus gan aon duine ann le cúram a thabhairt dóibh. Tugadh daoine go dtí an t-áras seo ionas go bhféadfaí cúram a dhéanamh díobh agus go bhfaighidís bás le [[dínit]].
D’oscail an Mháthair Treasa áras freisin do [[Leanbh|leanaí]] tréigthe a aimsíodh sna [[sráid]]<nowiki/>eanna agus shocraigh sí go rachadh clinicí taistil go dtí áiteanna áirithe i gCalcúta ionas go bhfaigheadh lobhair cóir leighis.
▲Chaith sí cúig bliana is daichead ag obair ann agus ag cur le fás Mhisinéirí na Catharnachta ar fud na tíre agus an domhain.
== Duaiseanna ==
Bhuaigh sí an gradam is cáiliúla san India, an Bharat Ratna, sa bhliain [[1980]]. Lean Misinéirí na Catharnachta ar aghaidh ag fás agus ag am a báis bhí 610 Misin lonnaithe i 123 tír. Ar an Domhnach, 4 Meán Fómhair 2016, naoi mbliana déag i ndiaidh a báis, d’fhógair an pápa gur naomh í.<ref name=":0" />
== Cáineadh ==
Line 25 ⟶ 67:
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1910]]
[[Catagóir:Básanna i 1997]]
[[Catagóir:An India]]▼
[[Catagóir:Naoimh]]
|