I scéalaíocht na Lochlannach, bhain Fenrir plaic as lámh dheis Týr.

Sa bhunscéal Lochlannach bhí eagla ar na Déithe roimh Fenrir groí. Theastaigh uathu é a cheangal le slabhraí agus dúirt leis nach raibh ann ach iarracht a láidreacht a thástáil, feiscint an bhféadfadh sé an slabhra a bhriseadh. Thuig Fenrir go raibh uisce faoi thalamh ar bun ach ghéill sé dóibh, ach go raibh ar dhuine de na Déithe a lámh a chur i mbéal Fenrir ar eagla gurbh fheillbheart a bhí beartaithe. Bhí an dia Týr chomh cróga sin gur thairg sé a lámh agus a fhios go maith aige go n-alpfaí í.