Sprioctheanga (aistriúchán)

(Athsheolta ó Sprioctheanga)

Tugtar sprioctheanga ar an teanga lena gcríochnaítear nuair a bhítear i mbun aistriúcháin ó teanga amháin go teanga eile. Tugtar an teanga foinse ar an mbunteanga nó an teanga lena dtosaítear. Más ceardaí maith é an t-aistritheoir, nó an duine atá i mbun an aistriúcháin, tabharfaidh sé nó sí leis brí, réim agus dath na teanga foinse isteach sa sprioctheanga.