Steiréitíopa
Is ea steiréitíopa (nó buanchruth nó claoníomha) nuair a labhraíonn (nó a smaoiníonn) duine faoi ghrúpa sóisialta mar a bheadh gach duine sa ghrúpa mar an gcéanna[1].
Samplaí
cuir in eagar- steiréitíopa inscne: m.sh. “tá na mná maith ag déanamh obair tí”
- steiréitíopa na nÉireannach mar mheisceoirí: m.sh. “tá na hÉireannaigh tugtha don ól”
- steiréitíopaí cine: m.sh. “tá na daoine gorma maith ag damhsa”
- steiréitíopáil daoine óga: m.sh. “tá déagóirí as a meabhair ag drugaí”
Cásanna
cuir in eagar- Cearbhall Ó Dálaigh agus Darby O’Gill
- An gaucho (buachaillí bó na machairí móra féir i Meiriceá Theas.)
- Steiréitíopa an zombaí mar is minice a chastar sna scannáin agus sna coimicí uafáis
- An carachtar Fu Manchu ar steiréitíopa an ollchoirpigh i scéalta eachtránaíochta
Conspóid sa bhliain 2024
cuir in eagarFoilsíodh leagan nua in 2023 den téacsleabhar OSPS (Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte), a bhíonn á úsáid ag daltaí i mbliain 1-3. Dúradh go raibh an leabhar maslach agus frith-Éireannach.[2]
Bhí steiréitíopaí sa leabhar. Cuireadh ‘Family A’ i láthair mar dhream a bhfuil suim acu sa cheol traidisiúnta agus i gCLG agus atá cúngaigeanta agus doicheallach roimh dhaoine a bhfuil creideamh eile acu. Ach cuireadh ‘Family B’ i láthair mar chlann nua-aimseartha atá leathanaigeanta a bhfuil suim acu sa taisteal agus a bheith ag blaiseadh de rudaí nua éagsúla.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ An Feiniulacht Chultúir, St Mary's, Béal Feirste.
- ↑ 2.0 2.1 "Mír chonspóideach ‘frith-Éireannach’ i leabhar scoile le fágáil ar lár sa leagan Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-05). Dáta rochtana: 2024-09-08.