Stephen McDonnell (iománaí)

iománaí Éireannach

Iománaí is ea Stephen McDonnell (Gaeilge: Stiofán Mac Domhnaill), a rugadh ar 26 Eanáir 1989 san Linn Dubh, Contae Chorcaí. Imríonn McDonnell mar chosantóir le foireann Chorcaí. Thosaigh sé ag imirt nuair a bhí sé óg agus sárimreoir a bhí ann ó aois óg. Tháinig sé chun cinn i gcúrsaí iománaíochta nuair a bhí sé ag imirt leis an bhfoireann mionúr i gCorcaigh. Lean sé ar aghaidh agus d’imir sé leis an bhfoireann faoi 21. Ansin i 2011 d’imir sé a chéad chluiche leis an bhfoireann shinsearch insan tsraith náisiúnta. Ó shin, glacann sé páirt ana-mhór san fhoireann ach go dtí an pointe seo níor bhuaigh sé aon rud. Imríonn sé leis an gclub Fánaithe an Ghleanna i gCorcaigh chomh maith.

Infotaula de personaStephen McDonnell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Eanáir 1989
35 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata

Club cuir in eagar

Imríonn sé leis an gclub cáiliúil Fánaithe an Ghleanna i gcathair Chorchaí agus bhí sé an-rathúil i ngach grád. I 2005 thosaigh sé ag imirt ar fhoireann mionúr agus bhuaigh sé an chraobh mionúr i 2005 i gcoinne Carrigaline agus bhuaigh Fánaithe an Ghleanna é arís i 2006 nuair a bhuaigh siad an chraobh i gcoinne Baile an Easpaig. Tar éis dhá bhliain bhí sé ag imirt nuair a bhuaigh Fánaithe an Ghleanna an chraobh chomórtais faoi 21. Bhí siad ag imirt i gcoinne Duhallow agus chuaigh an cluiche go dtí athimirt nuair a bhí an cluiche ar comhscór 2-15 go 1-18. Arís bhí an athimirt ar fheabhas agus bhuaigh Fánaithe An Ghleanna ar scór 4-15 go 2-18. I 2010 bhí sé mar pháirt den fhoireann a chaill an chraobh cluiche Sinsear i gCorcaigh i gcoinne Sarsfields ar scór 1-17 go 18.

Corcaigh cuir in eagar

Thosaigh sé ag imirt le foireann Chorcaí nuair a bhí sé ina mhionúr. Bhí sé mar ionadaí ar an bhfoireann a chaill cluiche craoibhe na Mumhan i gcoinne Tiobráid Árainn ach lean an fhoireann ar aghaidh go dtí craobh na hÉireann agus arís bhí siad ag imirt i gcoinne Tiobraid Árainn. Tháinig sé isteach mar ionadaí ach chaill siad an cluiche 3-14 go 2-11, agus bhí sé mar chaptaen an lá sin. Lean sé ar aghaidh agus d’imir sé leis an bhfoireann faoi 21 ar feadh 3 bliana ach ní raibh aon chónach aige. I 2011 thosaigh sé ag imirt leis an bhfoireann shinsear agus d’imir sé an chéad chluiche i gcoinne Ubh Fháilí. Ansin thosaigh sé an chéad chluiche insan chraobh comórtas an bhliain sin. I 2013 bhí páirt an-mhór ag McDonnell in san fhoireann a chaill Craobh na Mumhan agus Craobh na hÉireann.

Tagairtí cuir in eagar