Is frása Laidine é sui generis a chiallaíonn "dá chineál/dá gcineál féin" nó "in aicme leis féin ", dá bhrí sin "uathúil"..[1]

Úsáideann roinnt disciplíní an téarma chun tagairt a dhéanamh d'eintitis uathúla. Áirítear orthu sin:

  • Bitheolaíocht, do speicis nach féidir a rangú go néata i ngéineas a chuimsíonn speicis eile [2] (a ghéineas féin)
  • Na healaíona cruthaitheacha, do shaothair ealaíne a théann níos faide ná gnáththeorainneacha an tseánra (a sheánra féin)
  • Dlí, nuair is gá léirmhíniú speisialta agus uathúil a dhéanamh ar chás nó ar údarás (a chás speisialta féin)
    • Cearta maoine intleachtúla, le haghaidh cineálacha saothar nach dtagann faoin dlí ginearálta cóipchirt ach a chosnaítear trí reachtanna ar leith.
  • Fealsúnacht, chun smaoineamh, beith, nó réaltacht a chur in iúl nach féidir a laghdú go coincheap níos ísle nó a áireamh i gcoincheap níos airde (a chás speisialta nó chatagóir féin)

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Dictionary of Foreign Terms" (1975). New York: Thomas Y. Crowell Company. 
  2. Bentham, George (1880). "Notes on Euphorbiaceæ". Journal of the Linnean Society, Botany 17: 225.