Ar 19 Aibreán 2023 i bpríomhchathair Éimin, Sana'a, maraíodh os cionn nócha duine nuair a bhuail scaoll slua agus thit na daoine i mullach a chéile[1] Tharla an táinrith le linn na féile Ioslamach, Eid al-Fitr, agus Ramadan ag teacht chun deiridh. Tugadh le fios go raibh ceannaithe sa cheantar ag dáileadh airgid ar na boicht.[2] Is traidisiún í in Ioslam aimsir na féile Eid al-Fitr, agus síntiúis láimhe á roinnt ag lucht carthanachta ar na boicht.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTáinrith Sanaa
Map
 15°20′58″N 44°13′09″E / 15.3495°N 44.21906°E / 15.3495; 44.21906
Cineáltáinrith
crowd crush (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana19 Aibreán 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhOld Sana'a, Poblacht Éimin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, San’a, Poblacht Éimin Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht Éimin Cuir in eagar ar Wikidata
Cúiszakāt (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna ≥ 90
 ≥ 85 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe ≥ 322 Cuir in eagar ar Wikidata

Faoi dhíon scoile a bhí an t-airgead á dháileadh ar an slua nuair a tharla an tubaiste. D'fhéach cuid acu imeacht as an scoil ach dealraítear gur leag siad a chéile agus gur shatail siad ar a chéile sa scrimisc. Gabhadh na ceannaithe níos déanaí.

Bhí mná agus páistí i measc na marbh, a dúradh. Gortaíodh barr ar 300 sa bhrútam chomh maith, dar leis na húdaráis sa chathair.

Bhí an saol ina chíor thuathail in Éimin ag an am, de bharr an chogaidh chathartha a bhí ar bun sa tír. Dar leis na Náisiúin Aontaithe, bhí 22 milliún duine – dhá thrian den daonra – fíorbhocht agus i ngátar fóirithinte ón iasacht.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-04-20). "85 duine maraithe in ollbhrútam i bpríomhchathair Éimin" (as ga). 
  2. Reuters (2023-04-20). "Yemen stampede: At least 78 killed in surge for Ramadan donations" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-04-23.