Téarmaíocht na Cúipéireachta

Baineann Téarmaíocht na Cúipéireachta (nó na fonsóireachta) le ceird an chúipéara, duine a dhéanann bairillí.

  • stéibh bairille ~ clár bairille
  • buigiún ~ lata ~ buinne bairille ~ fonsa bairille
  • éadan bairille
  • poll plocóide
  • plocóid

Is ionann bolg bairille agus an chuid chuartha den bhairille mar a bhfanann beagán fíona nó beorach agus an bairille ina luí ar a thaobh agus é beagnach folamh.

“an dara fonsa” “quarter”

Seo thíos sliocht caighdeánaithe ó An Béal Beo

Ag an gcúipeir is mó a bhíonn an tál ag obair. Bíonn scian fhonsaí freisin aige, nuair is fonsaí adhmaid a bhíonn aige. Bíonn iarann feireadh aige, ina theannta sin, le feireadh (feirbh) a dhéanamh le háit na tóna a ghearradh sa bharaille. Canda a thugtar ar chlár aonraic (tugann daoine ar "éadan” nó barr an bhairille é) an bhairille. Ruibh an áit a ngearrtar ar thóin an bhairille leis na maidí a chur síos ann. Is ionann feireadh agus gearradh ar dhéanamh V.

An tuireasg, nó an trosg a bhíonn acu leis an adhmad a ghearradh. Sin é an seanainm a bhí ar an sábh. Cáithín sábh an dusta, nó an deannach a thagas leis an sábh, nó an tuireasg. Min shábh nó min rádha?, ainmneacha eile air. Gírle-ma-guairle an dusta a thagann nuair a bheifeá ag tolladh leis an tarathar, nó an trathair. Poll trathar atá ar an bpoll a dhéanann sí. Bachallóg an rud atá ar a barr, nó barlóg. Na sciatháin an chuid atá isteach ón mbachallóig.

Bíonn gimléad ag obair ag an siúnéir le poll is lú ná sin a dhéanamh. Meanadh a bhíonn aige le poll a dhéanamh d’áit scriú, nó tairne; meanadh sáite an meanadh cruinn.

FGB - To beat in the end of a barrel, an t-éadan a stealladh as bairille.

Foinsí cuir in eagar

An Béal Beo In A Handbook of Irish Folklore le Ó Súilleabháin luaitear an chúipéireacht, meadracha, tuirní agus pigíní.