Taiscéalaíocht uirbeach
Is éard is Taiscéalaíocht Uirbeach nó Uirbeics ann ná caitheamh aimsire as an ngnáth. An rud atá i gceist leis an uirbthaiscéalaíocht seo ná go dtéann daoine ag taiscéalaíocht thart faoi sheanfhoirgnimh fud fad an domhain le blaiseadh a fháil den saol mar a bhí agus dul go háiteanna nach minic do dhaoine a bheith iontu. Bítear ag cuartú seanbheairicí, ag ransáil in otharlanna meabhairghalair atá imithe ó mhaith, ag tóraíocht timpeall monarchana ón gcéad seo caite, ag sleamhnú trí sheantolláin ar thóir na tóraíochta féin. Bíonn daoine tógtha leis an ailtireacht is an meathlú uirbeach, an mothú dána dalba sin, agus ag samhlú nó ag mothú sprideanna agus míle rud eile. É ina spórt, ina chaitheamh aimsire do roinnt eile fós.
Is dócha go raibh sé linn i gcónaí riamh ach tháinig uirbeics chun cinn faoi bhrat aitheanta, i Meiriceá ach go háirithe. Is fochultúr forbartha atá ann.
In Éirinn
cuir in eagarTá seoid leathfholaithe de chuid Bhaile Átha Cliath ag titim chun raice i lár Pháirc an Fhionnuisce. Is é sin Dún na hArmlainne, áit a gcoinnítí piléir agus gunnaí tráth dá raibh. Tógadh an áit ar dtús sa bhliain 1734 agus tá stair shuimiúil ag an áit; ghoid an IRA slám mór piléar ón áit agus is iomaí duine mór le rá a chónaigh ann. Cé gur ríspéisiúil an áit ó thaobh na hailtireachta de, tá an geata isteach ann faoi ghlas le blianta fada anois is gan cead dul isteach ann ag éinne. Gan chead, ach téann mar sin féin. Tá go leor grianghraf álainn a léiríonn na foirnimh éagsúla istigh ann.
Cuid mhór den spéis sa taiscéalaíocht seo baineann sé leis an suntas a thugtar fud fad an domhain, nach mór, don rud atá sean. An rud atá sean tá sé diamhair, draíochtúil, is dáinsearach seans, rómánsúil cinnte agus éagsúlacht neamhghnách ag roinnt leis. Mar sin is sna seanfhoirgnimh is mó a chuirtear spéis, is mó an spéis chéanna má bhaineann stair ar leith leis an suíomh, Dún na hArmlainne thuas abair.
Tuilleadh eolais
cuir in eagarTá tuilleadh eolais faoin Uirbeics in Éirinn ar fáil ag abandonedireland.ie - Suíomh Uirbeics in Éirinn