An t-áras fáiltithe Stáit is ea Teach Farmleigh, nó Teach Bhán na Feirme,[1][2] buailte ar Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teach Farmleigh
Íomhá
Sonraí
CineálStruchtúr ailtireachta agus eagraíocht
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCaisleán Cnucha, Éire
Map
 53°21′54″N 6°21′36″W / 53.365128°N 6.360054°W / 53.365128; -6.360054
Gníomhaíocht
ÚinéirRialtais na hÉireann
Suíomh gréasáin oifigiúilfarmleigh.ie

Stair cuir in eagar

Tógadh Farmleigh ag deireadh an ochtú haois déag ach rinneadh é a athdhearadh ó bhonn sna 1880-1890idí.

Cheannaigh Edward Cecil Guinness Farmleigh sa bhliain 1873. Tugadh faoin gcéad mhórchlár tógála sa tréimhse 1881-84 de réir dhearaí James Franklin Fuller (1832-1925), ailtire Éireannach, a shín an teach níos faide siar, a d’athchóirigh an teach a bhí ann cheana, agus a chuir tríú stór leis an teach. Cuireadh sciathán an Bhálseomra leis an teach sa bhliain 1896, rud ar dhear William Young (1843-1900), ailtire Albanach, é.[3]

 

Tar éis grianán nua a chur isteach in aice leis an mBálseomra sa bhliain 1901, ba ag Teach Farmleigh, faoi na luathbhlianta den fhichiú haois, a bhí na nithe uile a bhí de dhíth le haghaidh maireachtáil mhaorga agus siamsaíocht stíliúil. Is le heicléicteachas an mhaisiúcháin intí a bhaineann mórdhraíocht an Tí, agus stíleanna de chineál clasaiceach, Seacaibíneach, Louis XV, Louis XVI agus Seoirseach le fáil ann.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "A cheann curtha isteach ar dhoras Theach Bhán na Feirme ag Biden" (as ga) (2023-04-13). 
  2. "Cuardach: ‘Farmleigh’" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  3. 3.0 3.1 "Teach Farmleigh | Farmleigh House and Estate" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-06-22.