Is é Teach Solais Rinn Duáin de theach solais meánaoiseach atá fós in úsáid i gContae Loch Garman. Is é an teach solais is sine ar domhan atá fós i bhfeidhm agus é os cionn 800 bliana d’aois. Bhí rabhchán tine ann ón 6ú haois, faoi chúram manach.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teach Solais Rinn Duáin
Íomhá
Sonraí
CineálTeach solais
Foirgníocht13 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
1972 leictriúchán
1996 uathoibriú
Tomhas35 (airde) m
Raon teach solais23 nmi
Airde fócasach46 m
Tréith solaisFl W 3s
Bonn115
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Loch Garman, Éire
SuíomhRinn Duáin
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Cheilteach
Map
 52°07′26″N 6°55′46″W / 52.12381°N 6.92931°W / 52.12381; -6.92931
Gníomhaíocht
OibreoirCoimisinéirí Soilse na hÉireann

Stair cuir in eagar

An ridire cumhachtach William Marshall a thóg an teach solais idir 1210 agus 1230 chun longa a threorú chuig a chalafort sa Ros. D’fhéadfadh gur tháinig Marshal ar an smaoineamh chun túr solais a thógáil sa Mheánmhuir, cosúil leis an teach solais i Pharos in Alexandria, a d’fhéadfadh go bhfaca sé ar chrosáid chuig an Tír Bheannaithe. Tá dearadh an túir bunaithe ar chaisleáin chiorclacha a bhí coitianta sa Fhrainc, áit ar chaith Marshal neart blianta. Rabhchán de thine guail a bhí sa chéad solas go dtí gur cuireadh lampa a dhóigh ola míol mór ina áit i 1791. Ansin cuireadh soilse gáis ina áit sin i 1871 agus aistríodh go dtí soilse leictreachais i 1972. Rinneadh teach solais iomlán uathoibrithe de agus d’fhág an coimeádaí tí solais deireanach i 1996.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Turas Treoraithe i nGaeilge | Hook Lighthouse & Heritage Centre" (Ga). oldsite.hookheritage.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.