Is téarma é Teanga SMStéacschaint do bhéarlagair agus giorrúcháin a úsáidtear de bharr nach bhfuil ach líon teoranta carachtar ar fáil go minic i dteachtaireacht a sheoltar ó fhóin phóca, ach go háirithe sna teachtaireachtaí téacs SMS agus ar líonraí sóisialta an idirlíon. Tá an oiread sin den chumarsáid ag tarlú ar líne sa lá atá inniu ann go bhfuil úsáid mhór á baint as na giorrúcháin seo leis an gcumarsáid sin a éascú. Bíonn siad in úsáid ar tháibléad, ar na ríomhairí glúine, ar na bhfóin phóca is chliste. Cabhraíonn siad cur síos a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil taobh istigh de 140 nó 160 carachtar, twitter agus téacsanna faoi seach. Tá an Béarla chun tosaigh ar gach teanga eile sa réimse seo, ach tá teangacha eile á gcur in oiriúint chomh maith leis.

Teanga SMS sa Ghaeilge cuir in eagar

Tá taithí ag na Gaeil ar chórais ghiorrúcháin; i ré na lámhscríbhinní ba ionann 7 agus agus, is uaireanta d'fhágtaí deireadh na bhfocal ar lár, nó chuirfeadh litir amháin focal comónta in iúl, 'K' don fhocal 'cath' mar shampla.

Giorrúcháin is Acrainmneacha cuir in eagar

  • grma - go raibh maith agat
  • grmma - go raibh míle maith agat
  • cgl - ceart go leor
  • ldt - le do thoil
  • bld - buíochas le Dia
  • fmt - feicfidh mé tú
  • (a)goa - (ag) gáire os ard, nó, asg - ag scairteadh gáire (lol)
  • ds - deireadh seachtaine
  • das - dála an scéil
  • maf - maith an fear
  • omd - ó mo Dhia
  • oad - ó a Dhia
  • lch – leathanach
  • tbo - tá brón orm
  • v- bhí
  • FAB - fadhb ar bith
  • wil - bhfuil
  • 7n - seachtain
  • an8 - anocht
  • n8 - nocht
  • Gaelt8 - Gaeltacht
  • cf - cén fáth?
  • 7 - s – agus
  • Siv – sibh
  • 6- sé
  • sgf - slán go fóill
  • bmtag - briseadh mo thóin ag gáire
  • a# - a thaisce
  • TDDT - 'Tóg do deoch théin'
  • Uimh - uimhir
  • NASAA - YOLO na Gaeilge - níl ach saol amháin agat

[1]

Gaeilge na hAlban cuir in eagar

  • OMC - O mo chreach (OMG)
  • a-n8 - a-nochd (2nite)
  • FMF - Feumaidh Mi Falbh (G2G)
  • BMAA - Bidh Mi Air Ais (BRB)

Féach Freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar