Sa tíopeolaíocht teanga, is éard is teanga anailíseach ann ná teanga a léiríonn gaoil, go príomha idir focail in abairtí, trí fhocail chúnta (míreanna, réamhfhocail, srl.) agus ord na bhfocal, seachas úsáid a bhaint as infhillteacha, (ag athrú fhoirm an fhocail chun a ról san abairt a chur in iúl). Mar shampla, cuireann an frása Gaeilge Ritheann an cat sa tóir ar an liathróid in iúl go bhfuil an cat ag gníomhú ar an liathróid go hanailíseach. trí ord na bhfocal. Is féidir é seo a chur i gcodarsnacht le teangacha sintéiseacha, a bhraitheann go mór ar infhillteacha chun gaoil na bhfocal a chur in iúl (m.sh., tugann na habairtí; Rith an cat sa tóir ar an liathróid. agus Ritheann an cat sa tóir ar an liathróid. frámaí ama difriúla in iúl, trí fhoirm an fhocail 'rith' a athrú) . Níl an chuid is mó de na teangacha anailíseach amháin, ach bíonn go leor acu ag brath go príomha ar chomhréir anailíseach.

De ghnáth, bíonn an cóimheas íseal idir 'moirfém-focal' ag teangacha anailíseacha, go háirithe maidir le moirféimí infhillteacha. Is féidir le dul cainte gramadaí a bheith anailíseach mar an gcéanna má úsáideann sé moirféimí shaora, gur focail ar leithligh iad, agus / nó ord na bhfocal. Braitheann teangacha anailíseacha go mór ar úsáid ailt chinnte agus éiginnte, a mbíonn claonadh iontu a bheith in úsáid go neamhshuntasach nó fiú a bheith in easnamh sna teangacha atá go láidir sintéiseacha; ord na bhfocal níos déine; réamhfhocail éagsúla, míreanna agus cáilitheoirí; agus comhthéacs.