Teastas Eorpach na Gaeilge

Is scrúduithe cumais agus cáilíochta iad scrúduithe TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge. Tá baint ag TEG leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: labhairt, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Tá an rogha ag iarrthóirí ag gach leibhéal an scrúdú iomlán a dhéanamh (Lánchreidiúint) nó an scrúdú cainte amháin a dhéanamh (Páirtchreidiúint).

Is é TEG an chéad chóras teastasaithe d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge a bhfuil baint aige le córas scrúduithe ALTE/Comhairle na hEorpa. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Cabhraíonn an córas seo leis na foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu. Buntáiste eile a bhaineann leis an chóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d’institiúidí oideachais agus d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do chúrsaí, do phoist nó d'ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Tá Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad ina bhall de ALTE (Association of Language Testers in Europe) a dhéanann monatóireacht ar ábhar agus ar chaighdeán scrúduithe TEG.

Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha Ollscoil Mhá Nuad ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Mheánleibhéal 2 (B2) Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Meáneibhéal 2 (B2) na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oiliúna.

Naisc sheachtracha cuir in eagar