Claochlú córasach is ea teilgean léarscáile de dhomhanleithid agus dhomhanfhaid suíomhanna ar dhromchla sféir nó éileapsóidigh chuig suímhanna ar phlána.[1] Bíonn teilgi léarscáile riachtanach chun léarscáileanna a chruthú. Cuireann gach teilgean léarscáile an dromchla as a riocht i slí éigin. Ag brath ar chuspóir an léarscáil, bíonn roinnt teilgean léarscáile ann chun airíonna áirithe ón sféar a chosaint ach ar chostas na n-airíonna eile.Níl aon teorainn le líon na dteilgean léarscáile a dtig linn a chur ar fáil.[2]

<nowiki>Íomhá Mheánaoiseach a léiríonn an Éacúiméin (1482, Johannes Schnitzer, greanadóir), tógtha de réir na comhordanáidí as saothar Tholamaes Tíreolaíocht agus ag baint úsáide as a dhara teilgean léarscáile

Go hiondúil, is féidir dromchlaí na reann pláinéadach a mhapáil, fiú má tá siad ró-neamhrialta chun a bheith bunaithe ar mhúnla maith le sféar nó éileapsóideach; féach thíos. I gcoitinne fiú amháin, déantar teilgi léarscáile faoi réir roinnt réimsí glanmhatamaitice, lena n-áirítear geoiméadracht chéimseata agus geoiméadracht theilgeach. Mar sin féin, tagraíonn "teilgean léarscáile" go sonrach don teilgean cartagrafach.

Cúlra cuir in eagar

D'fhéadfaí léarscáileanna a bheith níos úsáidí ná cruinneoga i go leor cásanna: tá siad níos dlúithe agus níos éasca a stóráil; freastalaíonn siad go héasca ar raon ollmhór scálaí; bíonn siad le feiceáil go héasca ar scáileáin ríomhairí; ligeann siad airíonna an tír-raon a bheith mapáilte go éasca; is féidir leo níos mó codanna de dhromchla an Domhain a thaispeáint ag an am céanna; agus tá siad níos saoire a tháirgeadh agus a iompar. Spreagann na tréithe úsáideach seo ar na léarscáileanna forbairt na dteilgean léarscáile.

Mar sin féin, chruthaigh Theorema Egregium de chuid Carl Friedrich Gauss nach féidir dromchla sféir a bheith léirithe ar dhromchla plánach gan a bheith curtha as a riocht. Tá an prionsabal céanna i gceist le dromchlaí tagartha eile a úsáidtear  mar mhúnlaí le haghaidh an Domhain. Ós rud é go bhfuil aon teilgin léarscáile ionadaíocht ar cheann de na dromchlaí ar phlána, cuireann gach léarscáil rudaí áirithe as a riocht. Cuireann gach teilgean léarscáil suntasach rudaí faoi leith as a riocht. .

Airíonna méadracha na léarscáileanna cuir in eagar

 
Léiríonn Teilgean Albers réimsí go cruinn, ach bíonn na cruthanna díchumtha .

Is féidir go leor airíonna a thomhas ar dhromchla an Domhain neamhspleách ar a thíreolaíocht. Seo a leanas cuid de na hairíonna:

  • Achar
  • Cruth
  • Treo
  • Treo-uillinn
  • Fad
  • Scála

Saobhadh cuir in eagar

 
Tissot ' s Indicatrices ar an Mercator teilgean

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Snyder, J.P. (1989). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". United States Government Printing Office. 1453. 
  2. Snyder, John P. (1993). "{{{title}}}". University of Chicago Press. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar