Teorainn choinbhéirseach
Sa theicteonaic phlátaíI is éard is teorainn choinbhéirseach ann, ar a dtugtar freisin teorainn plátaí scriosacha (mar gheall ar fhodhuchtú) ná réigiún ar a bhfuil athrú gníomhach ag teacht i bhfeidhm ar a chruth, toisc gur bhog dhá phláta teicteonach (nó níos mó) nó blúirí an litisféir, i dtreo a chéile agus gur bhuail siad a chéile. Mar thoradh ar bhrú, chuimilte, agus ábhar pláta ag leá sa mhaintlín, tarlíonn creathanna talún agus bolcáin coitianta in aice leis na teorainneacha coinbhéirseachta. Nuair a bhogann dhá pláta i dtreo a chéile. cruthaítear crios fodhuchtaithe nó imbhualadh ilchríochach. Braitheann sé seo ar nádúr na bplátaí atá i gceist. I gcrios fodhuchtaithe, bogann an pláta a bhíonn ar barr, de ghnáth pláta le screamh aigéanach air, faoi bhun an pláta eile, gur féidir a bheith déanta as screamh aigéanach nó ilchríochach. Cruthaítear sliabhraonta móra, ar nós na Himiléithe, le linn imbhuailtí idir dhá pláta ilchríochach.
Cur síos
cuir in eagarBraitheann saghas na teorann coinbhéirsí ar na gcineál plátaí atá ag imbhualadh le chéile. Ag teorainn cóineasaithe aigéanach-ilchríochach, beidh an litisféar aigéanach fodhuchtaithe i gcónaí faoi bhun an litisféir ilchríochaigh. Difríocht an dlúis choibhneasta idir an litisféar aigéanach (3.0 g / cm3) agus litisféar ilchríochach (2.7 g / cm3) is cúis le seo. Tugtar, freisin, an crios fodhuchtaithe ar an chineál teorann seo. Ar dhromchla an Domhain, is é an toradh topagrafach coitianta ná trinse aigéanach a cruthaítear ar an taobh aigéanach, comhthreomhar leis an gcrios fodhuchtaithe. Ar an taobh ilchríochach, cruthaítear slabhra bolcáin os cionn suíomh an phláta fhodhuchtaithe, a chruthú sliabhraoin dá ngairmtear stua bolcánach. Sampla de chrios fodhuchtaithe ilchríochach-aigéanach is ea an limistéar feadh chósta thiar Mheiriceá Theas ina bhfuil an pláta aigéanach, an Pláta Nazca á fhodhuchtú faoi bhun na hilchríche, sé sin Pláta Mheiriceá Theas.