Thingmote

Carn de chuid na Lochlannach, i nDuibhlinn, a d'úsáidtí mar láthair parlaiminte agus deasghnátha.

Is éard a bhí i gceist leis an Thingmote ná carn de chuid na Lochlannach, a shíltear, i mBaile Átha Cliath a d'úsáidtí mar láthair parlaiminte agus deasghnátha.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Thingmote
Íomhá
Suirbhé de láimh ar BHÁC, Séipéal Naomh Aindriú
Sonraí
CineálCarn

Mharaítí daoine agus phléití dlíthe nua ann. Bhí an carn féin le feiceáil ann chomh déanach leis an mbliain 1682. An ThingmoteThingmount a thugtaí air agus i dtosach bhí sé taobh amuigh de limistéar na cathrach. Meastar go mb'fhéidir gur bhain an carn leis an tréimhse roimh theacht na Lochlannach. Bhí sé lonnaithe ar an taobh dheas den abhainn, in aice le Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Bhí sé sách mór: thart ar 40 troigh d’airde ann agus 240 troigh sa timpeall. Bhí sé lonnaithe thart ar an áit a bhfuil bun Shráid Grafton sa lá atá inniu ann. Ciallaíonn Thingmote ‘tionól-chruinniú’, agus tá macasamhail fós ann i gcás pharliamintí na dtíortha Nordacha; Althing (‘olltionól’) san Íoslainn, Folketing (‘tionól pobail’) sa Danmhairg, Stortinget (‘an tionól mór’) san Iorua. Feictear cnocáin atá cosúil leis in áiteanna eile a raibh na Lochlannaigh iontu: Tinvaal in Oileán Mhanann mar shampla.

Ar deireadh leagadh an Thingmote agus scaipeadh an smionagar ar Shráid Thobar Phádraig (Sráid Nassau), áit a mbíodh tuillte ag an am. Sin an fáth a bhfuil an bóthar sin cuid mhór níos airde ná páirc chruicéad Choláiste na Tríonóide taobh leis, sa lá atá inniu ann.

Ba theach tábhairne i mBaile Átha Cliath é The Thingmote a bhí suite ar Shráid Suffolk nach maireann a thuilleadh (O’Donoghue’s atá air anois).

Tagairtí cuir in eagar