Thomas Mortimer
Saighdiúir, státaire agus breitheamh Sasanach agus Fear Ionaid na hÉireann
Saighdiúir agus státaire Sasanach meánaoiseach ab ea an Tiarna Thomas Mortimer (c. 1350–1399) a bhí, ar feadh tamaill ghairid, i seilbh roinnt oifigí stáit riaracháin agus breithiúnacha tábhachtacha in Éirinn agus a raibh páirt aige i bhfreasúra in aghaidh rialtas an Rí Risteard II. Ba bhall mídhlisteanach de theaghlach Mortimer é, a bhí ar cheann de phríomhtheaghlaigh uasal Shasana agus na hÉireann, agus chuidigh sé le tailte Mortimer a bhainistiú le linn mhionaois oidhre an teaghlaigh, a nia Roger, iarla Mharch. Bhí dlúthbhaint ag Sir Thomas freisin leis na Tiarnaí Achomharcóirí, baicle chumhachtach d'uaisle a chuir i gcoinne riarachán an Rí Risteard II.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1350 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 1403 (Féilire Ghréagóra) 52/53 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh |
Teaghlach | |
Teaghlach | Teaghlach Mortimer |
Céile | Agnes de Poynings |
Athair | Roger Mortimer |
Siblín | Edmund Mortimer |
Gradam a fuarthas |