Is rangú rásaíochta mótar é Foirmle a hAon, nó F1 mar a ghlaotar air ina leagan ghiorraithe. 'Sé an rangú is airde é ó thaobh rásaíocht roth oscailte sa domhain. Ó 1950, nuair a thosnaigh Foirmle a hAon go hoifigiúil, tá an spórt tar éis athrú go mór, ó carranna malla, móra, mí-sábháilte, go carranna gur féidir leo dul ó 0 km/h go 100 km/h i cúpla soicind. I 2006 beidh an spórt ag úsáid imeall V8 don chéad uair leis na cianta, tar éis dóibh an V10 a úsáid ar feadh timpeall 10 mbliana.

Infotaula d'esportFoirmle a hAon
SpórtRásaíocht Foirmle a hAon
Cineálformula racing (en) Aistrigh
Cruthú1950

Stair Foirmle a hAon cuir in eagar

Thosnaigh Foirmle a hAon go hoifigiúil sa bhliain 1950, nuair a chuireadh an Grand Prix ar siúil sa Bhreatain. Bhuaigh an Iodálach Giuseppe Farina an rás sin i Silverstone, and lean sé leis chun an chraobh iomlán a bhuachaint, ó a chomráid foireann Juan Manuel Fangio. Sna blianta tosaigh, ní raibh sábháilteacht na tiománaithe ná an lucht fhéachanna in aigne aon duine, agus ba mhinic gur maraíodh daoine toisc seo.

Ar feadh na céad cúpla bliain, bhí Alfa Romeo mar an príomh-fhoireann, le Ferrari ag teacht chun cinn tar éis cúpla bliain lena tiománaí Alberto Ascari. Cúpla bliain níos déanaí agus tháinig Mercedes chun cinn lena carr nua radacacha agus an tiománaí ab fhearr ag an am, Fangio. Ach bliain tar éis teach isteach sa spóirt, d'imigh siad arís tar éis tubaiste mhór ag an rás 24 uair a'chloig ag Le Mans.

Na hidirbhlianta cuir in eagar

Ó shin i leith, tá roinnt foireann éagsúla tar éis an chraobh a bhuachaint, ach tá trí foireann tar éis teach chun cinn mar an trí fhoireann ab fhearr. 'Siad sin ná Ferrari, McLaren agus Williams. Idir an triúir acu, táid tar éis 31 craobh dhomhanda na déantóirí a bhuachaint, le linn an 48 bhliain atá an chraobh sin ag rith (Níor tosnaíodh craobh do na déantóirí go dtí 1958).

Le déanaí cuir in eagar

Le deich mbliana anuas, tá Ferrari tar éis teach amach mar cheann de na foirne ab fhearr, ag buachaint sé craobh na déantóirí agus cúig craobh na tiománaithe i ndiaidh a chéile, le mórán cabhair ón tiománaí cáiliúil Michael Schumacher. Cuireadh stop leis an dá sraith sin sa bhliain 2005, nuair a thóg Renault agus Fernando Alonso an dá chraobh sin uathu.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Suíomh oifigiúil