Is éard is toghairm ann ná cáipéis a sheachadtar chuig an duine lena chur in iúl dó go bhfuil an dlí le cur air agus go gcaithfidh sé teacht os comhair na cúirte. Is gnách a rá go seirbheáiltear an duine, nó go seirbheáiltear an toghairm air. Focal liteartha amháin é "toghairm" nach gcluintear sa ghnáthchaint. Gairm dlí an téarma a úsáidtear i gcaint na ndaoine, chomh maith le leaganacha Gaelaithe den téarma Béarla (sumans, mar shampla). An duine a dhréachtóidh an toghairm, caithfidh sé na pointí eolais seo a bhreacadh síos:

  • ainm an chúisitheora nó an ghearánaí
Toghairm ón bhliain 1726
  • ainm agus seoladh an chúisí, is é sin, an duine a bhfuil an dlí á chur air
  • eolas i dtaobh na coire a bhfuil sé á chúiseamh faoi, i gcaint na ndaoine chomh maith le béarlagair an dlí. Ní mór mionsonraí a bheith ann faoin ócáid áirithe atá i gceist, chomh maith leis an dlí a bhfuil an t-ionchúiseamh bunaithe air
  • eolas i leith áit na cúirte agus an t-am a chaithfidh tú a bheith i láthair

Ní mór don chléireach nó don bhreitheamh a ainm a chur leis an gcáipéis chomh maith.