Osclóidh seo an príomhroghchlár
Muscaeid agus beaignití de chuid an 18ú haois.

Iar-shaighdiúir ba ea Tomás Ó Muirithe (a raibh Bromach ina Mhaol air mar leasainm) agus cónaí air i ndeisceart Thiobraid Árann. File áitiúil ba ea é agus Gaeilge na nDéise aige, ó ba í sin canúint an cheantair go léir ag an am. Rugadh é sa dara leath den 18ú haois (timpeall na bliana 1770, b'fhéidir) agus bhí sé in Arm na Breataine sna 1790í. Rinne sé amhrán faoinar tharla dó agus é ag troid i Háití. Sa bhliain 1791 d'éirigh na daoir ghorma amach ann i gcoinne na bhFrancach, agus Toussaint Louverture mar cheannaire orthu. Thapaigh na Spáinnnigh agus na Sasanaigh an deis agus rinne ionradh ar an oileán, ach díbríodh iad nuair a rinne Louverture socrú leis na Francaigh. Bhí an Bromach ann mar chách ("mo ghunna in mo láimh agam is mé ag lámhach na bhfear dubh") agus tháinig sé slán as, murab ionann is mórán eile.

Bailíodh dhá leagan den amhrán, agus deir ceann acu:

Ins na West Indies a crádh mé agus a chaill mé mo shláinte
Ag siúl failltreacha fásach, coillte arda, agus cnoic,
Na mílte agus na táinte á dtreascairt im' láthair
Agus gan aon duine amhradh, ag gáire nó ag gol.
Do thug mé naoi n-oíche gan slim ar mo thaobh dheas
Ag lámhach púdair agus piléar, agus na spéireacha ar crith,
Ní bíodh paidir ná cré againn ach blood an' 'ouns agus caortha
Is gan smaoineamh ar naofacht ach faobhar agus fuil.

Chuaigh Ó Muirithe le fíodóireacht nuair a tháinig sé ar ais, agus tá léargas ar a aigne le fáil san agallamh véarsaíochta idir é féin agus file darbh ainm Mícheál Ó Laithearta: an Laitheartach á ghríosú chun aithrí a dhéanamh agus Ó Muirithe ag cur suas dó.

Is Bromach gan pheaca atá maol mé,
Do shiúlas-sa Éire faoi thrí
Ag ól leanna agus ag mealladh gach spéirbhean
Is gur dóigh liom gur aerach mo shlí.
Diúltaím do chomhairlese a dhéanamh
Is níl maith ar bith aige aoinne a bheith liom
Is dem aiste ní stadfad go n-éagfad
Agus go sínfear mo thaobh deas san úir.


TagairtCuir in Eagar

  • Ó hÓgáin, Dáithí, Duanaire Thiobraid Árainn: Cnuasach d'fhilíocht na ndaoine ó oirdheisceart an chontae. An Clóchomhar Tta, 1981.