Tom Phaddy Mac Diarmada
scéalaí Éireannach as an Lochán Beag in Indreabhán
Scéalaí agus reacaire cáiliúil as an Lochán Beag in Indreabhán ab ea Tom Phaddy Mac Diarmada (nó Tom Pheaidí Mac Diarmada).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Márta 1909 An Lochán Beag, Éire |
Bás | 2 Aibreán 2001 92 bliana d'aois |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scéalaí, airíoch |
Teangacha | An Ghaeilge |
Bhí sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath i 1939 nuair a rinne athbheochan ar an Oireachtas, agus bhí sé i láthair ag beagnach gach ceann, agus thug sé 19 duais scéalaíochta leis thar na blianta.[2]
Bhí sé ina fheighlí ar Réadlann Dhún Sinche i mBaile Átha Cliath ó 1950 go 1974. Phós sé Nan Seoighe as Seanachoimheas, An Maimín, Leitir Móir i 1948, agus thóg siad ceathrar clainne le Gaeilge i nDún Sinche.[1]. D'fhill siad ar an Lochán Beag i 1974 tar éis dó éirí as.[2] Fuair sé bás in 2001 agus cuireadh é i Reilig an Chnoic i gConamara.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ 2.0 2.1 "Tom Phaddy Mac Diarmada (1909–2001)". Dáta rochtana: 2024-01-22.