Trópacht
Is é rud is trópacht (ón tSean-Ghréigis tropos = iompaigh) ann feiniméan bitheolaíoch, a chuireann in iúl fás nó gluaiseacht iompála an orgánaigh, de ghnáth planda, de réir na spreagthaí a bhíonn sa timpeallacht.
Cineálacha trópachtaí
cuir in eagarAthraíonn treo fáis i bplandaí de réir na spreagthaí nó na trópachtaí a théann i bhfeidhm orthu.
- Ceimeatrópacht, gluaiseacht nó fás mar fhreagairt ar cheimiceán nó cheimiceáin.
- Geotrópacht gluaiseacht nó fás mar fhreagairt ar an domhantarraingt.
- Hidreatrópacht, gluaiseacht nó fás mar fhreagairt ar thaise nó uisce.
- Fótatrópacht, gluaiseacht nó fás mar fhreagairt ar sholas na Gréine.
- Tigmeatrópacht, gluaiseacht nó fás mar fhreagairt ar thadhall.