Tracy Caldwell Dyson

Spásaire NASA agus ceimiceoir Meiriceánach is ea Tracy Caldwell Dyson, a rugadh ar 14 Lúnasa 1969 in Arcadia, California). Saineolaí misin sa tointeálaí spáis Endeavour (STS-118) ab ea í i mí Lúnasa na bliana 2007. Idir 4 Aibreán 2010 agus 25 Meán Fómhair 2010, ghlac sí páirt in Eachtra 24 insan spástointeálaí. Chuaigh sí amach sa spás trí huaire go dtí seo agus tá 22 uaire aice de ghníomhaíocht seachfheicthicle ("EVA"), malartú caidéal fuartháin lasmuigh den spástointeálaí san áireamh. Tá breis is 188 uaire caite aice sa spás.

Tracy Caldwell Dyson
Tracy E Caldwell portrait.jpg
Saol
Eolas breitheArcadia, 14 Lúnasa 1969 (53 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Oideachas
Alma materCalifornia State University, Fullerton (en) Aistrigh
Ollscoil California, Davis
California State University (en) Aistrigh
Gairm
Gairmspásaire, ceimiceoir agus fisiceoir
FostóiríNASA
Duaiseanna
BallraíochtMax Q (en) Aistrigh
IMDbnm7855749

A luashaol agus a saol pearsantaCuir in Eagar

Rugadh Caldwell Dyson in Arcadia, California mar an duine is óige de bheirt iníonacha. Bhog a teaghlach go Beaumont, California, níos déanaí mar ar fhreastail sí ar an meánscoil agus mar ar oibrigh a hathair mar leictreoir. Is spéis léi reathaíocht, meácháin, siúlóid, softball, cispheil, agus meicneoireacht na mótars. In Ollscoil Stáit Chalifornia, Fullerton, bhí sí páirteach i spóirt, rábálaithe agus an léim fhada san áireamh.

Bhain Dyson céim B.S. amach sa cheimic in Ollscoil Stáit Chalifornia, Fullerton (CSUF), sa bhliain 1993 [1] Bronnadh Ph.D. i gceimic fhisiciúil in Ollscoil California, Davis sa bhliain 1997 [1]

Tá sí pósta ar George Dyson, eitleoir de chuid an chabhlaigh. Tá ASL (Teanga na gComharthaí Mheiriceánach), Spáinnis agus Rúisis aici. Is í an príomhamhránaí in Max Q, banna ceoil spásairí.

Dyson sa spásCuir in Eagar

Roghnaigh NASA í agus thosaigh sí ag traenáil sa chlár dian sin acu i samhradh na bliana 1998. Mar chuid de Oiliúint Spásairí Iarrtha bhí diantheagasc i gcórais an tointeálaí agus Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis (ISS), in eitleoireacht an T-38, agus i mbealaigh le teacht slán ar uisce agus san fhásach.

Sa bhliain 1999, cuireadh Caldwell Dyson ag obair i mBrainse Oibríochtaí ISS san Oifig Spásairí mar "Crosaire Rúiseach" ag promhadh bog- agus crua-earraí Rúiseacha a forbraíodh don ISS.

TagairtíCuir in Eagar

Nascanna seachtrachaCuir in Eagar