Tá tábhacht leis an tram i go leor cathracha sa domhain fós, cé gur baineadh de na sráideanna iad sa chuid is mó de mhór chathracha an domhain. Ritheann sé ar rianta iarann ar nós traenach, ach go bhfuil na rianta sáite faoi bharr an bhóthair. Mar sin tugtar streetcar sa BhéarlaStrassenbahn sa Ghearmánais orthu.

Tram LUAS i mBaile Átha Cliath
Sean-tram i mBaileÁtha Cliath

Tréithe cuir in eagar

I measc buntáistí tramanna tá:

  • Tá siad ciúin agus mear
  • Tá siad an-ghlan nuair a ritheann siad ar aibhléis
  • Ritheann siad ar slí ar leith i lár cathrach, áit a bhfuil an-chuid tráchta, rud a chuidíonn leo gluaiseacht, ach baineann siad feidhm as an gcuid chéanna den bhóthar le gluaisteáin ina áiteanna nach bhfuil an oiread brú iontu.
  • Iompraíonn siad an oiread daoine le busanna, agus ní gá dóibh fanacht chomh fada óna chéile le mearthraen fothalamh, mar go mbíonn radharc níos fearr ag an dtiománaí.

I measc na míbhuntáistí, tá:

  • Tá contúirt timpiste ann nuair a ghluaiseann an tram ar aon bhóthar le gluaisteáin
  • Tá gá le bealaí faoi leith i lár na cathrach, rud nach bhfuil mórán cathracha sásta a chur ar fáil nuair nach ngluaiseann an ollmhéad gluaisteáin go maith cheana féin.

Stair cuir in eagar

Tá córas traim i San Francisco i gCalifornia le hos cionn céad bliain, agus éiríonn go geal leis ag tarraingt daoine suas a chuid sráideanna cnocacha.

Baineadh na tramanna de shráideanna Bhaile Átha Cliath in Éirinn sna 1950í. Ach táthar arís ag cur na tramanna chun cinn, agus thosaigh an freastal nua "Luas" sa bhliain 2003, ag iompar taistealaithe ó lár Bhaile Átha Cliath go dtí an Tamhlacht agus bruachbhailte eile na hardchathrach.[1]

Osclaíodh an Líne Uaine ar an 30 Meitheamh 2004 agus osclaíodh an Líne Dhearg ar 26 Meán Fómhair 2004. Osclaíodh stáisiún Gleann Bhríde i gCoill na Silíní in 2010. Osclaíodh an Luas Traschathrach idir Stáisiún Dhroichead Broome agus Stáisiún Luas Faiche Stiabhna in 2018.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mac Aongusa, Brian (2014). "Traenacha in Éirinn". An Gúm 9781857918373 (1857918371).