Tuama pasáiste
Is cineál séadchomhartha meigiliteach ón tréimhse Neoiliteach atá sa tuama pasáiste. Tá samplaí mórthaibhseacha i Sí an Bhrú, agus Tuama Pasáiste an Chnoic Rua. Is é Sí an Bhrú, i gContae na Mí an tuama pasáiste is cáiliúla in Éirinn. Tógadh é thart ar 3,000 R.C. Tá na tuamaí pasáiste ag Sí an Bhrú, Cnóbha agus Dubhadh mar chuid de Bhrú na Bóinne, reilig de thuamaí pasáiste ar Abhainn na Bóinne.