Véronique Béliveau
Aisteoir, amhránaí agus láithreoir ó Québec is ea Véronique Béliveau (rugadh 14 Eanáir 1955).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Eanáir 1955 69 bliana d'aois Montréal, Quebec |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, aisteoir |
Tréimhse oibre | 1977 – |
Seánra | Bailéad |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | RCA Records A&M Records |
|
Beatha
cuir in eagarThaifead sí a céad cheirnín in aois a sé bliana déag faoin ainm Véronique agus chuaigh ar camchuairt den chéad uair in aois a hocht mbliana déag. Sna 1970í rinne sí staidéar ar an amhránaíocht, thaibhrigh ar an teilifís mar amhránaí agus i roinnt scannán agus chuir ceirníní amach. Ar cheann acu sin bhí “Aimer” (1980), a céad amhrán mór-ratha, le cloisteáil. An bhliain chéanna ceapadh í mar ghuth Radio-Québec, rud a chuir lena hiomrá. Tháinig éileamh ar a cuid amhrán ar feadh na n-ochtóidí agus thaibhrigh sí sa Fhrainc. I 1985 bhí sí páirteach i dtionscadal dar theideal “Les yeux de la faim” (Súile an Ghorta) ar son an Fondation Québec-Afrique.
D’eisigh sí roinnt ceirníní i mBéarla freisin agus bhí ar an mbeagán amhránaithe de chuid Québec a raibh cáil orthu i gCeanada an Bhéarla sna 1980í.
D’éirigh sí as an amhránaíocht i 1990 agus chuaigh ag obair mar láithreoir raidió. Chuaigh sí ar scor i 2000.
Albaim
cuir in eagar- 1977 : Prends-moi comme je suis (Prends-moi comme je suis, Qu'est-ce que tu m'chante de bon ?, J'savais pas, Il me reste...)
- 1980 : Véronique Béliveau (Relaxe-toi, Aimer, Je vis beaucoup mieux...)
- 1983 : Transit (Je suis fidèle, C'est un rêveur, That boy, Please (Dis-moi c'que tu as), Transit...)
- 1984 : Transit (Réédition avec la chanson "Le rock")
- 1985 : Cover girl Cache ton cœur (Cover girl (Cache ton cœur), Je suis comme je suis, Camouflage, Toujours l'amour, On camera...)
- 1987 : Borderline (Make a move on me, I can't help it, Love you like a fire...)
- 1989 : Véronique (House of love, I'm gonna make you love me...)
- 1997 : La vie en bleu (albam a rinneadh le hamhránaithe eile, ag rá amhrán ón gceolchoiméide "La vie en bleu", a bhí bunaithe ar bheatha Pablo Picasso) (Amhráin Véronique : Les amants séparés, Vive les années folles, Tout ça n'existe pas, L'affrontement, Je vous aime toutes les deux)
D’eisigh sí roinnt mhaith dioscaí singile freisin.
Scannáin
cuir in eagar- 1976: Parlez-moi d'amour
- 1979: King Solomon's Treasure: Neva
Le cloisteáil
cuir in eagar- Aimé 1980 [1]
- Je suis fidèle (beo), 1983: [2]