Vicipéid:Conas leathanach iontach a scríobh

Cad a dhéanann tú más mian leat alt iontach a scríobh do Vicipéid na Gaeilge? Seo cúpla seift is féidir leat a úsáid:

  • D'fhéadfá dul go dtí an Príomh­leathanach chun féachaint céard iad na naisc dhearga. Níl aon alt ag dul leis na naisc sin fós - is féidir leat iad a scríobh!
  • Tosaigh an t-alt ag rá cad é an rud a bhfuil tú ag scríobh faoi.
  • Scríobh an méid atá ar eolas agat faoin ábhar. Is féidir leat níos mó eolais a fháil ar an ábhar tré chuardach a dhéanamh ar Google, an Vicipéid i mBéarla, nó suíomh eile.
  • Uaslódáil cúpla pictiúr ar an ábhar.
  • Cuir naisc sa leathanach go dtí ailt eile, fiú muna bhfuil na hailt ann cheana féin.
  • Cuir naisc sheachtracha (naisc chuig leathanaigh eile ar an idirlíon) ag deireadh an ailt.
  • Cuir naisc chuig do leathanach ó leathanaigh eile.