Curtha sa chomhadlann ar 2005-08-20 cuir in eagar

B'fhearr liom "Príomhleathanach" in áit "Ceannleathanach" a fheiceáil. Tá athruithe eile de dhíth sa chomhéadan, i mo thuairimse. B'fhiú giorrúcháin a úsáid sa bharra taoibh ("an lch seo" in áit "an leathanach seo"). Rudaí eile sa bharra sin:

  • Main Page: Príomhleathanach
  • Recent changes: Athruithe is déanaí
  • My contributions: Mo chuid dréachtaí
  • Watch this page: Déan faire ar an lch seo
  • View source: Féach ar fhoinse
  • Move this page: Athainmnigh an lch seo
  • Discuss this page: Pléigh an lch seo
  • Page history: Stair an lgh seo
  • What links here: Naisc don lch seo
  • Related changes: Athruithe gaolmhara
  • Upload file: Uaslódáil comhad (nó Lódáil comhad suas)

Rudaí eile:

  • Printable version: Leagan inphriontáilte
  • Log on/Log off: Logáil isteach/Logáil amach
  • Preferences: Sainroghanna
  • This is a minor edit: Is mionathrú é seo
  • About Wikipedia: Faoin Vicipéid

Cnaipí:

  • Show preview: Réamhamharc
  • Go: Téigh

Evertype 13:17, 2 Lún 2004 (UTC)

Och! "Ag athraigh Vicipéid:Fabht-thuairiscí" atáim! Níl sé sin ceart. "XXX á athrú", nó "Ag athrú XXX", nó "Ag cur XXX in eagar" Evertype 12:37, 3 Lún 2004 (UTC)

Ainm agus 'Move this Page' cuir in eagar

Is 're-name this page' é 'athaimnigh an leathnach seo' ag barr an lth seo, is é 'gluais' an focail ar 'move'. 'Gluais an lth seo'. Agus faoi 'Vicipéid' mar ainm, níl aon 'v' i nGaeilge seachas i nGeailge bréag, áit a bhfuil 'concréiteach' focail Gaeilge. Freisin, san aire sin: "AIRE: Tá an leathanach seo 38 cilibhearta i bhfad; ní­ féidir le roinnt lí­onléitheoirí­ leathanaigh atá breis agus nó ní­os fada ná 32kb a athrú. Más féidir, giotaigh an leathanach i gcodanna níos bige." Is 'níos faide' é.Dalta 22:06 (BST). 05 Aib '05

Cupla mholadh ó Mheabhar freisin cuir in eagar

  • Ar an lch. 'Log ann' (sea, ba cheart é a athrú go 'logáil isteach/amach'), cuir "D'ainm usáideora", "D'fhocal faire", in áit "do ainm," srl.
An focail é 'log'? Nach bhfuil sé 'logáil'? Agus Ciallíonn 'log ann' 'log there', Nach é 'logáil ar' an leagan ceart? Dalta 21:56 (BST), 05 Aib 2005
  • Maidir le "ag cur eagar ar" nó "lch a athrú", aontaím leo seo, agus bfhéidir go bhfuil an ceart ag Evertype an ponc a fhágáil ar lár. Cad a cheapann an chuid eile agaibh?
Is é sin an nós i gclóchuradóireacht na Gaeilge. Evertype 10:16, 5 Lún 2004 (UTC)
Cad é an nós, i gclódóireacht mín? Le poncanna nó gan iad? -- Gabriel Beecham
Gan iad. Evertype 11:24, 8 Lún 2004 (UTC)
  • 'Seo é mionathrú' - is gá é seo a athrú go 'Is mionathrú é seo.' Is dearmad den saghas 'tá sé fear' é.
  • Ní aontaím leis an usáid "inphriontáilte". Níl ach focal ceart Gaeilge amháin do "print" an Bhéarla, .i. clóbhuail (agus uaidh sin clóbhuailte, ionchlóbhuailte, srl,) dar liom. Agus dfhéadfaí iadsan a ghiorrú go clóbh agus ionchlóbh.
Níl sé sin ceart. Úsáidtear priontáil agus printéir le blianta anuas. Déan comparáid idir printéir, lasairphrintéir (an gléas) agus clódóir, an duine a oibríonn i monarcha leabhar nó a leithéid. Is féidir priontáil a úsáid chun stuif a ... bhuel ... phriontáil amach sa bhaile, agus clóbhualadh chun leabhar iomlán a chur le chéile sa mhonarcha. Moltar priontáil san Fhoclóir Ríomhaireacha is Teicneolaíocht Faisnéise de chuid an GÚM. Evertype 10:16, 5 Lún 2004 (UTC)
Sin í do thuairimse, a Evertype. Ach ní ghlacaim leis go fóill. Is féidir piosai le liostaí focal rialtas, Achtanna rialtas le droch-Ghaeilge, agus gach sórt píosa paipéir a phiocadh suas, ach tá romhainn féachaint orthu agus a chinntiú nach ár gcur féin amú atáimid. Muna bhfuil gá le focal nua..... Tás' agam go rinne tú sar-obair le cóid focal agus le priontáil/clóbhualadh, agus go mbfhéidir go bhfuil cleachtadh agatsa ar chaint ar na rudaí seo. Ach níl an leabhar dúnta fós ar fhoclaíocht ríomhaireachta. Sin í an chúis go bhfuil an obair agus an spórt agus an rírá seo againne. Ni fheicim gá ar bith le 'priontáil,' agus féadaim a rá nach bhfeiceann morán den chuid eile den Eorap gá leis an dara fhocal do chlóbhualadh baile seachas é sin a dhéantar i monarcha. Is í an choincheap chéanna í. Meabhar
Mo thuirim is ea hé, a Mheabhair, ach an-chleachta atá agam i gcúrsaí ríomhaireachta agus clóchuradóireachta in Éirinn. Bhí mise páirteach san obair choiriúcháin Gaeilge de bhogearraí Macintosh sna 90í, agus ar an bhfochoiste téarmaíochta ar son téarmaí ríomhaireachta. Tá priontail agus printéir in de Bhaldraithe 1959 agus sa bhogearraí Macintosh agus i bhfoclóir de chuid an GÚM 2004. Is fiú glacadh leis an t-idirdhealú a rinne mé idir clódóir (duine) agus printéir (gléas). (Dála an scéil, tá foclóirín "Téarmaí Clóchuradóireachta" idir lámha agam.) Evertype 21:13, 5 Lún 2004 (UTC)
De réir Google, is é printéir an focal níos fearr (689 torthaí). 19:40, 5 Lún 2004 (UTC)
Is maith sin a chlos, ach ní Google eolach faoi rud ar bith. Evertype 11:24, 8 Lún 2004 (UTC)
Cé atá ag labhairt, le bhur dtoil? Níl eolas agamsa ar dhuine ar bith a dfhoglaim Gaeilge ar Ghoogle, agus freisin, déarfainn gur olc an chuid is mó den Ghaeilge a scríobhadh le 30 bliain anuas. Sílim go bhfuil gá le ceannlínte i bhforas plé mar seo - an bhfuil an cheart agam?

Agus, nuair atá focal cumasach ann cheana a úsáidtear go leathan, agus nach bhfuil gá le focal nua (mo thuairim freisin faoin mBéarlachas lódáil).....Meabhar 17:20, 6 Lún 2004 (UTC)

Ní mise a scríobh, a Mheabhair. Is éasca a rá 'gur olc an chuid is mó den Ghaeilge a scríobhadh le 20 bliain anuas' ach (lo hómós) ní chiallaíonn sé sin go bhfuil do thuairimse maidir le cad is Béarlachas ann eolach go leor chun téarmaí a bhí glactha ag an gCoiste Téarmaíochta a dhiúltú. Evertype 11:24, 8 Lún 2004 (UTC)
  • Freisin, an bhfuil cleachta ag mórán (den mbeagán againn!) agaibh ar "fabht"? Cé go mbíonn focla i de Bhaldraithe, m.sh., tá cuid acu nach raibh in úsáid cheart ariamh. Níor chuala mise riamh go dtí seo an focal 'fabht', cé nach bhfuilim cleachtaithe ar Ghaeilge theichniúil (an bhfuil aon duine, nó má tá, cén úsáid atá aici go dtí seo?). Aon fhocal eile oiriúnach againn? -bfhéidir locht/mi-chruinneas/botún/srl.
Ciallaíonn fabht 'bug'. Is ón bhFraincis faute a tháinig an focal sin sa Ghaeilge, is dócha.
Sea, ach cathain? Níl an fhreagra agam féin, ach feiceann sé saghas neamh-líofa domsa.Meabhar10:16, 5 Lún 2004 (UTC)
Cathain? An gá dom dul go dtí an DIL? I bhfoclóir an GÚM 2004: fabht mílaoiseach 'millennium bug', fabhtcheartaigh 'troubleshoot'. Evertype 21:13, 5 Lún 2004 (UTC)
  • Maidir le (Upload file: Uaslódáil comhad (nó Lódáil comhad suas)) -

Is Béarlachas é an dara leagan, agus d'fhágfainn ar lár é. Tá ciall éigin leis an gcéad leagan, ach caithfidh mé rá nach dtaitníonn an focal lódáil liom, agus nach dtuigfeadh aon Ghaeilgeoir é ach on mBéarla. An fiú dúinn labhairt, bfhéidir, ar fhocal mar 'uallach/uailliú' srl? Caithfidh mé roinnt cuardú a dhéanamh, ach sílim gur fiú fós é seo a phlé má táthar ag brath ar eagar a chur ar gach ní, "comhad lócáil" san áireamh (ní thuigim céard é seo - an bhféadfadh duine éigin miniúchán a thabhairt dom le bhur dtoil?) Meabhar 21:05, 4 Lún 2004 (UTC)

uaslódáil ann le blianta anuas, agus tá sin molta ag an gCoiste Ríomhaireachta. Focal eile ar féidir a úsáid ná luchtú 'to load (as a truck)'. Ba cheart uaslódáil a ghlacadh, i mo thuairimse. Evertype 10:16, 5 Lún 2004 (UTC)
Ní aontaím leat anseo ar chor ar bith maidir le uaslódáil. Ach bhí an cheart agat ar dtús - is é "luchtú" an focal is fearr, pé acu bád no leoraí a bhíonn i gceist, agus níl an choincheap difriúil sa ríomhaireacht, dar liom. Maidir le liostaí focal rialtais, cuirtear le chéile go sciobtha go minic iad, le daoine neamh-líofa, agus cé go bhféadfaidis bheith cabhrach, ní cheapaim gur chóir féachaint orthu mar rudaí buana go fóill. Meabhar 19:04, 5 Lún 2004 (UTC)
Ní raibh lódáil agus uas- agus íos- leis curtha le chéile go rósciobtha. Bhí mise ag an gcruinniú. Mholadh "luchtú" ach tá uaslódáil sa chaint cheana, le blianta anuas. Evertype 21:13, 5 Lún 2004 (UTC)
Is fearr liom an leagan uas//íosluchtú. Ach, má tá uaslódáil in úsáid go fíor, ba cheart duinn an focal sin a úsáid. De réir Google, is é "uaslódáil" (nó a colceathrar lódáil suas) an focal níos caililúla go mór mór. -- Gabriel Beecham
Ach más Gaeilge atá uainn, nuair atá focal bhreá Ghaeilge againn, cén chiall atá le cur leis? Ní thuigfidh na ´fíor-Ghaeilgeoirí' é, agus beidh sé sort ait domsa i gcónaí. Tá an 'user interface' tábhachtach, agus muna mbíonn sé intuighthe ach dúinn féin, ní buan a bheidh sé. D'iarrfinn oraibh athfhéachaint a dhéanamh ar na focla sin 'lódáil, uaslódáil, íoslódáil.'Meabhar 17:11, 6 Lún 2004 (UTC)

Cúpla moltaí eile (an chuid is mó do focail a nach bhfuil aistrithe cheana):

  • Toolbox: Uirlisí
Bosca Uirlisí. Evertype
  • Upload file: Caith comhad anáirde (an aontaíonn sibh?)
Uaslódáil comhad Evertype
  • Save: Cuir i dtaisce
Sábháil. Ciallaíonn 'cuir i dtaisce' "put in a cache". Evertype
Aontaím le Gabriel anseo. Feictear domsa gur 'cuir i dtaisce' an aistriu cheart ar 'save. Meabhar 20:00, 5 Lún 2004 (UTC)
sábháil ann le blianta is blianta anuas, arís, ag an gCoiste, ar an Mac, ar GAELIC-L. Ciallaíonn cuir i dtaisce 'to put away for safe keeping' (níos cruinne ná "put in a cache" mar a dúirt mé roimhe seo.)
  • After saving, you have to clear your browser cache to see the changes: Tar éis rogha, caithfidh tú do taisce líonleitheora a fholmhú chun na athruithe a fhéachaint
Tar éis duit ábhar a shábhail, is minic gur gá taisce do bhrabhsálaithe a ghlanadh chun na hathruithe a fheiceáil. Evertype 10:16, 5 Lún 2004 (UTC)
Tar éis d'obair a chur i dtaisce, is gá taisce do líonléitheora a ghlanadh chun na hathruithe a fheiceáil. (Dala an sceil, ar "May have to.." chuirfinn "dfhéadfadh gur ghá duit.." Meabhar 20:00, 5 Lún 2004 (UTC)
Creidim go bhfuil m'aistriúchansa níos fearr sa chás seo. Brabhsálaí a bhí glactha ag an gCoiste Téarmaíochta cúpla bliain ó shin, nuair a bhí an coincheap réasúnta úr, fiú. Níl líonléitheoir sa chaint. "Web reader"? Evertype 21:13, 5 Lún 2004 (UTC)
Hmm. Bhuel, de réir an tástála Google, eiríonn le líonléitheoir in aghaidh brabhsálaí! --Gabriel Beecham
  • Track the most recent changes to the wiki on this page: Is féidir leat na athruithe is déanaí san mearshuíomh a fhaire ar an leathanach seo.
Déan faire ar na hathruithe is déanaí do vicí an leathanaigh seo.
Aontaím leis an leagan thíos. An ceart an focal mearshuíomh a dhíbirt ar fad? Níl stair an fhocail agam, ach nach bhfuil sé níos easca glacadh sa chas seo leis an focal 'wiki' no 'vicí'? Is fearr a thaitníonn wiki shimplí liomsa, agus ceapaim gur ait 'v' a usaid i nGaeilge nuair nach bhfuil se sa leagan Bearla. Sílim fein nach 'flyálfaidh' an focal "mearshuíomh" ach leis an mbuíon bheag againn atá ar an suíomh i láthair na h-uaire. Ach is "núíosach" mise! Meabhar 19:00, 5 Lún 2004 (UTC)
Cad is mearshuíomh ann? "Quick-place"? Evertype
Mar tá 'fhios agaibh, is ábhar teicniúil úrnua an WikiWiki. Mise a shmaoineamh ar an focal mearshuíomh - i dteanga na Hawai'i, cíallaíonn WikiWiki "luas, tapadh", agus tá an gné céanna ag an bpíosa teicneolaíochta. Má dtuigeann sibh do bhfuil "vicí" ina leagan níos Gaelach, úsáidfaimis é sin. Ach, beidh "vící" le fada breise níos coisúla leis an focal i mBéarla. -- Gabriel Beecham
Thóg mé vicí as Vici-péid; níl "vici" ceadaithe i litriú na Gaeilge, mar sin a scríobh mé vicí. Evertype 11:24, 8 Lún 2004 (UTC)
  • Disclaimers: Séanadh
  • Browse: Siortaigh
Sracléigh 'a quick read'. Siortaigh 'rummaging, foraging'. Bm ag sracléamh go minic.... Evertype
mar chaighdeán Evertype
Nó an rud láithreach, "a los eagmaise". Nach Béarlachas é "mar chaighdeán"? -- Gabriel Beecham
Nó 'In éagmais malartú' Meabhar19:52, 6 Lún 2004 (UTC)
Bhí mise ag smaoineamh ar "Sábháil mar Chaighdeán" a bhí sa leagan Gaeilge de MacWrite blianta ó shin ar "Save as Default". Ach feicim sa FRTF go bhfuil réamhshocrú agus rogha réamhshocraithe roghnaithe ag an gCoiste le haghaidh 'default', agus is maith go leor é sin. Evertype 11:24, 8 Lún 2004 (UTC)
  • Localisation file: comhad locála (sin an comhad LanguageGa.php, ar an inneall friothála, ina bhfuil go leor na haistriúcháin seo)
Tugtar cóiriúcóiriúchán ar 'localization'. Actually the GÚM says that localization is "logánú" agus b'fhéidir gur cheart cloí leis sin. Evertype
  • Editing XXX: Ag athrú XXX (má aontaítear)
  • Editbox: Athrúbhosca (an téacsbosca níos fearr?)
Bosca eagair Evertype

Gabriel Beecham 23:49, 4 Lún 2004 (UTC)

Mo chuid.... cuir in eagar

Deirtear i gconaí agus i ngach canún, sílim, 'mo chuid bó,' 'mo chuid bróg,' 'mo chuid geansai' agus 'mo chuid páiste'. Nach cóir, mar sin, 'mo chuid dréacht', 'mo chuid comhad,' 'as 'mo chuid alt' a scríobh nuair is é an uimhir iolra atá i gceist. Ach 'mo chuid airgid.' Mo bhrón, níl leabhar gramadaí agam agus nílim in Éirinn. An bhfuil an cheart agam? Meabhar19:30, 5 Lún 2004 (UTC)

Caint ghinearálta ar fhoclaíocht nua seachas fh. seanda cuir in eagar

Tá sé ag fáil an soiléir nach bhfuil ach mé féin, Evertype, agus Gabriel sa chaint seo. An bhfuil sé ar chumas duine ar bith cupla léachtóir ollscoile a tharraingt isteach. Dála an scéil, ceapaim go bhfuil sé ríochtanach ceannlitreacha a shá isteach le hord a chur ar an gcaint seo, mar nach bhfuilimid á chuir i gceart ró thapaidh.

Measaim nár bhuaileas le Gaeilgeoir ariamh a d´fhoghlaim a chuid Gaeilge ar Google, agus is bocht an chuid is mó den Ghaeilge a scríobhadh le 30 bliain anuas, ar a laghad. Mar sin, ní chuirfinn mórán meáchain sna staitisticí seo as Google. Níl sé ciallmhar labhairt ar na focla seo a bheith ´sa chaint´ go ró-mhinic. ´Séard atá romhamsa, ar aon nós, ná teanga ár sinsear a chur ar aghaidh. Níl mórán suime agam a bheith ag foghlaim sórt Gaeilge teicniúil nach bhflyálfaidh. Tá caint ar 'matchainí', 'flyáil', agus mar sin de sa Ghaeltacht ó bhí mise óg, agus i bhfad roimhe, ach ní gá dúinn cur leis seo. Cén Ghaeilgeoir a thuigfidh 'lódáil', 'sábháil', (bfhéidir), 'brabhsálaí,' 'printéir,' srl ach tré dhul ar ais go dtí an Béarla. Ní ag iarraidh troda atáim, ach ag iarraidh an suíomh a dhéanamh níos cairdiúla, níos céillmhire, srl. Cé go bhfuil roinnt sár-oibre déanta ar an suíomh cheana féin, caithfidh mé a rá go bhféachann sé sórt ´´ait´´ fós, le cuid des na focla Béarlachais atá ann.

Och, bhuel, Béarlachas sméarlachas. Is ró-éasca an focal sin a úsáid. An bhfuil "Béarlachas" san fhocal buicéad? Lampa? Ticéid? Eilifint? Custaiméir? An bhfuil Laidineachas san fhocal scríobh, nó paidir? Evertype De Bhaldraithe 1959: beo duine a shábháil 'to save someone's life'; 'to load (up)' (of a ship): lastáil, luchtú, lódáil. (Agus roghnaigh an Coiste T. lódáil do ríomhairí.) 'Printing' priontáil, clóbhualadh (leabhair) – idirdhealú déanta ansin. 1959, gach ceann acu. Tá roinnt leabhair is sine anseo agam, más gá dul ann chun aois na bhfocal seo a aimsiú. Evertype 23:48, 8 Lún 2004 (UTC)

Nílim ag iarraidh a bheith ag caitheamh anuas ar iarrachtaí foclóireachta agus choistí i mBaile Átha Cliath, ach tá cuma 'Ghaeilgeoira' ar an suíomh faoi láthair, sa bhrí a n-úsáidís an focal sa Ghaeltacht. Ba chóir dúinn cuimhneamh nach bhfuil sé deacair beagnach ní a scríobhaimid a fháil níos fearr i dteanga eile, agus nuair atá focal maith cheana againn, níor chóir dúinn é a shárú le neologisms nach bhflyálfaidh. Meabhar 18:00, 6 Lún 2004 (UTC)

Is cicipléid í an Vicipéid. Táimid freagrach as ailt a scríobh. Nílimid freagrach as téarmaí foilsithe don Ghaeilge a dhiúltú, fiú mura bhfuilimid sásta leo. Uaslódáil, sábháil, brabhsálaí, printéir, priontáil atá san Fhoclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíochta Faisnéise foilsithe ag An Gúm i 2004. Bhí mise páirteach ar Fhochoiste maidir le téarmaí ríomhaireachta, agus i mo thuairimse, níl siad ró-olc mar théarmaí. (Tá uaslódáil an ceann is laige.) Tá difear idir printéir agus clódóir sa chaint, agus tá asphrionta 'printout' ann mar shampla, bunaithe ar an fhréamh "nua". Ó thaobh an chomhéadan ginireáta de, ba cheart leis an Vicipéid bheith chomh chaighdeánach is is féidir. Evertype 11:18, 8 Lún 2004 (UTC)
Chonaic mé an FRTF san Siopa Leabhair an seachtain seo caite, ach ní raibh an airgead agam. Ní aontaím leis an ábhar in iomlán, ach ní mór dom é a cheannach go luath... --Gabriel Beecham 22:38, 8 Lún 2004 (UTC)
Nílim ach ag rá go bhfuil an foclóir mór sin ann, bhí a leithéid ann roimhe sin (1,000 Téarmaí Ríomhaireachta foilsithe ag FIONTAR i 2000). Bíonn na téarmaí in úsáid ag lucht ríomhairí, i bhFIONTAR agus lasmuigh, mar a bhí an comhéadan Mac OS 6 agus 7 trá i scoileanna. Mar stiúrthóir de chuid na Vicipéide, tá tú freagrach as ceartúcháin a dhéanamh. Ach níl ceachtar againne freagrach as moltaí an Choiste Téarmaíochta a dhiúltú gan fíorchúis. I mo thuairimse. Evertype 23:42, 8 Lún 2004 (UTC)
Ó, aontaímse le caighdeánú i gcúrsáí ríomhaireachta, ná bain ciall chontráilte as. Tá an-gaisce déanta ag an gCoiste Téarmaíochta maidir le téarmaí nua teicneolaíochta san fhoclóir nua. Ach, tá roinnt focail inargóinte, m.sh. "eochair" in áit "cnaipe"... --Gabriel Beecham 00:14, 9 Lún 2004 (UTC)

Tá téarmaí ann atá suite go maith sa teanga, agus tá cuid eile nach Gaeilge iad, nach bhfuil suite sa teanga i measc méid mór daoine, agus a chuirfeadh ionadh ar aon duine nach mbeadh cleachtaithe. Tá cuid mhaith den dara short againn cheana féin. Má tá méid maith alt atá suimiúil, inléite, d´fhéadfadh go dteastódh ó dhaoine léamh agus scríobh ar an suíomh. Ach faoi láthair, tá roinnt mhaith oibre le déanamh fós ar shlacht a chur ar an nGaeilge. Níl mórán suime agamsa a bheith ag plé le teanga treoir, srl, más focla bacacha ar fad a bhíonn. Scríobhaimis i mBéarla é! Tá foclaíocht le fáil i gcupla háit anois ..m.sh., d´fhéachas ar na liostaí eolaíocht, ríomhaireachta, srl ar an idirlíon. Agus tá an chuid is mó acu go breá, agus sort 'obvious.'

Ach tá ceann bhreá Gaeilge (na hÉireann) ag C Ó Donnaíle (mar sin a scríobh sé é) ar leigheas, ríomhaireacht, srl, ar shuíomh Shabhail Mor Ostaig .. más mian libh, cuirfead an seoladh chugaibh nuair a bheidh mé sa bhaile. Ach níl comhaontú ar na focla go n-eol domsa é, agus is fearr an réiteach atá ag an Donnaíleach i gcásanna. Agus i bhfoclóir Collins Gem, faoi print, níl prionta ach ar ealaíon, agus is on bpréamh cló a thagann na húsáid eile.

Rud eile, níl trioblóid ar bith, go n-eol domsa é, ag lucht an Bhéarla le www, web 'is Internet a thabhairt ar an rud chéanna. Déarfainn ansin go bhfuil caighdéanú go maith, ach nuair a bhíonn an iomad focla iasachta nach gá, nuair atá focla níos fearr againn ó dhúchas na Gaeilge, úsáidimís na focla dúchas. Ní ionann glacadh le rud le cúrsaí gnó agus rialtais agus glacadh leis ar shuíomh a bhfuilimid ag súil go n-úsáidfidh leanaí scoile, foghlaimeoirí, agus gach sórt duine eile é.

Ach ar ndóigh, bfhearr dúinn ár bhfuinneamh a chaitheamh ag cur roinnt alt eile le chéile agus ag feabhsú alt a chéile. Meabhar 20:45, 10 Lún 2004 (UTC)

Tá eolas maith agamsa ar an SMO - bhain mé sárúsáid as na foclóirí scriofa le Ó Donnaíle agus Ó Duibhín, agus a d'aistrigh mé an comhéadán. Ach, ní mór duinn cuimhneamh go bhfuil saintéarmaíocht i gceist ar aon nós - an bhfuil ciall cinnte ag na focail "interface", "log in", "software" srl as Béarla, de réir an teanga traidisiúnta?Ag cuardach i nGoogle inniu, feicim go leoir suímh eile le acmhainn foclóra: an bunachar FIONTAR, an sainroinn Ghaeilge i SourceForge, agus acmhainn.ie.
Is dócha nach bhfuil ciall ag "prionta" ach cóipeáil de pictiúr. Ach, de réir an Foclóir Gaeilge-Béarla (1977) comheagartha ag Niall Ó Dónaill, tá an briathar "priontáil" le fáil, le soiléiriú úsáide amhain : "Leabhar a phriontáil, to print a book." Mar tá níos mó na téacs san Vicipéid, an é sin ina fhocal níos fearr ná clóbhuail sa chomhthéacs?
Dar liom, tá dhá saghas teanga-pholaitíocht ann maidir le téarmaí nua i nGaeilge an linne seo. Ar an gcéad dul síos, tá an nuafhoclaíocht (nó "Béarlachas", sin focail neamh-Ghaelacha a úsáid); agus ar an dtaobh eile, tá an seanfhoclaíocht (sin a rá focail a chruthú atá le bunús sna fréamhanna a úsáid). 'Sé mo thuairimse nach ceart dul i gceann an scéil ar nós an saghas polaitíochtí seo. Má tá focal ann cheana féin atá óiriúnach don úsáid, agus má úsáidtear é go fairsing sna Gaeltachtaí / ciorcail Gaeilge, ní ceart focail eile a úsáid as siochar go bhfuil siad níos "traidisiúnta". Ar an dtaobh eile, más fíorscéal é go bhfuil focal neamh-oiriúnach ann, ní bheifeadh sé in úsáid agus is féidir linn focal eile a úsáid.
Ar ndóigh, tá tuairim difrúil ag an uile duine. Sin an chiclipéid shaor. Muna aontaíonn duine ar bith go bhfuil focal no abairt éigin óiriúnach, is féidir é a phlé anseo go mbeidh réiteach maith againn. Measaím gur féidir linn ciclipéid íontach a dhéanamh de, i ndeireadh na dála! -- Gabriel Beecham 23:33, 11 Lún 2004 (UTC)

Ach, tá an cuma ar an scéal gur ghá cinniúntaí a dhéanamh, agus 'sé mo thuairimse é gur ghá gur Ghaeilge a bheas ar an suíomh, más suíomh Ghaeilge atá le bheith ann. Nuair atá focla breátha oiriúnacha againn as Gaeilge, is raiméis é i gcásanna bheith ag cur nuafhoclaíocht isteach ina n-áit. Níl a fhios agamsa cén fáth go bhfuil ceangal chomh mór sin agaibh leis na foclóirí, nuair atá fiú úsáid na bhfocla i mBéarla ag athrú i gcónaí. Níl sé de rún agamsa dul ag priontáil muna dtéim ag rang ealaíona, nó ag lódáil in aon áit. Ní i gcoistí a thagann athrú ar aon teanga de ghnáth. Sábháil' - cé go bhfuil focla níos fearr sa Ghaeilge, glactar leis go forleathan i measc lucht na Gaeilge, cé nach mórán dínn atá ann. Ach tá cuid eile díobh....Meabhar 14:38, 12 Aug 2004 (UTC)

LanguageGa.php cuir in eagar

D'uaslódáladh an leagan nua den comhad - ár ndóigh, is féidir é a uaslódáil chomh minic agus is riachtanach. Tá súil agam go mbeidh sé i gníomh i gceann lá no dhó. -- Gabriel Beecham 19:29, 7 Lún 2004 (UTC)


Tá cúpla téarmaí ann fós atá gan aon aistriú cinnte:

  • Catagory = rang, catagóir, earnáil?
  • Template = múnla, stionsal?
  • Software = oideasra, bogearraí?

--Gabriel Beecham 23:33, 11 Lún 2004 (UTC)

Déarfainn:

  • category = rang
  • template = múnla
  • software = bogearra(í)(ag brath ar chomhthéacs)

Freisin, tá súil agam go n-úsaidfear 'logáil isteach' nó 'amach,' mar níl ciall le 'log ann.'Meabhar 14:08, 12 Aug 2004 (UTC)

Teimpléad agus bogearraí. Múnla is a mould. Evertype 18:25, 15 Aug 2004 (UTC)
Teimpléad is an English word transliterated into Irish. It has no history or real validity, dictionaries apart. Tugann múnla an chiall anseo go breá, agus aontaím le Gabriel. Meabhar 14:25, 19 Aug 2004 (UTC)
Irish has been borrowing words from Latin and French and English for centuries. The word teimpléad has been used, particularly in computing context, for well over a decade, and this term has been accepted by the Coiste Téarmaíochta, and is the term being taught in Fiontar's wide range of third-level courses in Irish. I said already, it is the place of Vicipéideoirí to write articles in Irish about topics worthy of inclusion in an encyclopaedia. It is not the place of Vicipéideoirí to ignore the Caighdeán and the work of Irish lexicographers. Using munla for template is silly, and will make the Irish Wikipedia look foolish. Seacláid (chocolate) is a borrowing from English. Do you object to that? Buicéad, cairpéad, cóirséad, paicéad, pláinéad, seaicéad, ticéad and teimpléad are all borrowings from English. Bucket, carpet, corset, packet, planet, jacket, ticket, template. Every one of these is "transliterated into Irish". The Wikipedia interface should be sparkling clean and standard, and that means not pretending that perfectly good loanwords should be avoided in favour of some sort of Gaelic purism. A múnla is something that you pour wax into to make candles. That's not a template; it's a mould. I don't mean to be harsh, but if the Vicipéid is going to be respectable, it has to be Caighdeánach. Please let us use the terminology published for us to use. Evertype 20:08, 19 Aug 2004 (UTC)

Níl sé ceart agat, a Evertype, a rá go bhfuil "Using munla for template is silly" nó a leithéid. Aontaím féin leis an úsáid 'múnla' ar template, ach ní hé deireadh an domhain má chuirtear template isteach ach an oiread. Tá aistriúcháin maithe agus olca i bhfoclóirí ríomhaireachta agus an Ghúim agus áiteanne eile, ar aon nós, mar gur scríobhadh cuid acu roimh athraithe sa saol, agus athraithe sa teicneolaíocht. Ach is gá féachaint siar chomh maith le har aghaidh, agus nuair atá focal breá cheana againn, ní féidir locht a fháil ar é a chur in úsáid nua. Tá baint againn féin le hathrú na teangan. Agus ar ndóigh, ní féidir a rá le gach duine gach focal a chur sa Chaighdeán Oifigiúil. Tá leithead stíl tábhachtach leis, agus tá go leor a scríobhfadh le tionchar óna gcanún féin, ach a chuirfeadh sárGhaeilge le chéile a bheadh iontuigthe do chách.

Agus níl aoinne ag rá go bhfuil locht ar iasachtaí mar atá tú ag cur in iúl don dara huair le gairid. Ach nuair atá focal láidir, úsáideach sa Ghaeilge, a thuigfidh gach aoinne.... (chuirfinn clóbhuail, luchtaigh, sa rann seo, agus níl syntax Gaelach, fiú, ar fhocla mar asphrionta - úsáimid é seo mar shampla, cé nach mbeidh mórán úsáide againn dó mar fhocal). Ní cheapaim gur é deireadh an domhain é cén fhocla ríomhaireachta a úsáidtear, ach le focla mar clóbhuail a úsáidtear gach lá, ba chóir an focal Gaelach a úsáid, focal a thuigeann gach duine.

Agus maidir leis an alt sin Éire, is oileán Éire, ach tá i bhfad níos mó i gceist ná oileán - is tír go stairiúil agus go cultúrtha í, agus tá sé neodrach go maith a rá sa réamhrá gur faoin tír ina iomláine é, agus is féidir an nath faoi oileán a fhágáil más maith libh. Ach ní soiléiriú faoin ábhar san alt a rá gur faoin oileán, amháin, atá sé - cé go dtuigim an fáth a chuireann tú seo ann, is gá a rá gur alt faoin dtír ina iomláine atá ann freisin. Agus ní gá do dhuine ach dearcadh ar an mapa, ar aon nós, le feiceáil gur oileán atá againn! Meabhar 15:20, 13 Sep 2004 (UTC)

Ó Fhoclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíocht Faisnéis: múnlú insteallta injection moulding; múnlí céim ar chéim stepwise refinement; teimpléad template. Evertype
Bhí sé mar intinn agam teimpléad a húsáid sa chéad áit, ach in Ó Dónaill tugtar "templet" do, agus ní raibhim cinnte faoin chiall. Ná haistrigh na leathanaigh ann tú féin, áfach, nó scriosfaidh an friothálaí iad go huathoibríoch. -- Gabriel Beecham 20:06, 21 Aug 2004 (UTC)
Is ionann template agus templet (san Oxford). Evertype

D'aistriodh go Vicipéid:Halla baile. --Gabriel Beecham 20:35, 12 Aug 2004 (UTC)

Focla agus frásaí eile don chóras cuir in eagar

  • Log in - Logáil isteach/amach/ srl
    • Ann cheana féin.--Gabriel Beecham *Remember my password - Cuimhnigh ar m'fhocal faire
  • ..that all rights are ceded to Wikipedia - go scaoiltear (foirm an bhriathair) gach ceart le Wikipedia
  • ..according to the terms of the GNU Free Documentation License - de réir téarmaí an Cheadúnais Cháipéiseach Saor GNU.
  • If you do not want to have your document unmercifully edited - Munar mian leat go gcuirfí do scríbhínn faoi eagar go h-éadrócaireach
  • ..and distributed without limit.. - ...agus go n-athdálfaí gan teorann é..ná tabhair isteach anseo é (ord na bhfocal).
  • That you wrote this yourself, or that you copied it... - gur scríobh (gur, litriú) tú féin an scríbhínn (d'úsáidfinn an focal féin - seachas rud - anseo), nó gur chóipeáil tú ó fhoinse gan chóipcheart é (chuirfinn é ar deireadh anseo).
  • This is a minor change - Is mionathrú é seo (tá ord na bhfocal tábhachtach)
  • Please note that this is only a preview, and it has not yet been saved - Tabhair faoi deara nach bhfuil (fágtar an go" ar lár sa negative) anseo (anseo atá riachtanach anseo, seo a d-úsáidfeá mar subject) ach réamhthaispeántas, agus nár sábháladh fós é (seachas é fós).
  • Discussion of this page - Plé an leathanaigh (gineadach) seo
  • Discuss this page - pléigh an lch seo.Meabhar 18:18, 13 Aug 2004 (UTC)

Tá brón orm nach uaslódáladh an comhéadán nua fós. 'Sé mo thuairim nach mór an t-aird a tugann na cumadóirí ar na comhaid seo faoi láthair, fiú má tá tú ag iarraidh comhad úrnua a chur ar fáil. -- Gabriel Beecham 22:57, 13 Aug 2004 (UTC)

Suaslódáil Comhad cuir in eagar

Seo athaistrúchán a rinneas ar an lch cabhair faoin ainm seo. Níor fhéachas ar an gceann Béarla, ach ceapaim go ndéanann sé seo níos éasca é a thuiscint, agus go gcoinníonn sé an chiall. Ar ndóigh, is fearr liom go mór luchtú, íosluchú, srl, ná a mhalairt, más féidir sin a dhéanamh.