Vicipéid:Laethanta roghnaithe/11 Iúil
Is é an 11 Iúil an 192ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 193ú lá i mbliain bhisigh. Tá 173 lá fágtha sa bhliain.
- 1274 – Rugadh Roibeard Brús, Raibeart I na hAlban (b. 1329)
- 1681 – Crochadh Oilibhéar Pluincéid ag Tyburn i Londain
- 1767 – Rugadh John Quincy Adams 6ú huachtarán na Stát Aontaithe (b. 1848)
- 1892 – Rugadh Thomas Mitchell, aisteoir Gael-Mheiriceánach (b. 1962)
- 1973 – Rugadh Andrew Bird, ceoltóir Meiriceánach
- 1982 – Rugadh John O'Flynn, imreoir sacair
- 1989 – Cailleadh Laurence Olivier, aisteoir Sasanach (r. 1907)
- 1991 – Gearradh 60 lá príosúnachta ar Fheisire an Lucht Oibre, Terry Shields, de bharr gur dhiúltaigh sé a cháin chloigne a íoc
- 1995 – Tús Sléacht Srebrenica i mBoisnia. Faoi dheireadh, ar an 22 Iúil, bhí 8,373 duine maraithe, fir is buachaillí Moslamacha den chuid is mó, ach páistí, mná agus fir aosta san áireamh. Tháinig ar bhreis is 7,000 corpán.
- 2000 – D'fhógair an Chomhdháil Idirnáisiúnta um SEIF san Afraic Theas go gcuirfí tús le trialacha vacsaíne nua do HIV