Vicipéid:Sroicheann an Wikipedia/Vicipéid Miliún Alt

Afrikaans | ??????? (Arabic) | ????????? (Bulgarian) | Català (Catalan) | Ceská (Czech) | Dansk (Danish) | Deutsch (German) | English (US) | (int'l) | Esperanto | Español (Spanish) | Français (French) | ????? (Hebrew) | ?????? (Hindi) | Bahasa Indonesia (Indonesian) | Íslenska (Icelandic) | Italiano (Italian) | ??? (Japanese) | ??? (Korean) | Lëtzebuergesch (Luxembourgish) | Nederlands (Dutch) | Norsk (Norwegian) | Polska (Polish) | Português (Portuguese) | Româna (Romanian) | ??????? (Russian) | Slovenšcina (Slovenian) | Svenska (Swedish) | Ti?ng Vi?t (Vietnamese) | ??(?) (Chinese, simp) | ??(?) (Chinese, trad) | (edit this list)

Scroicheann an Wikipedia/Vicipéid Miliún Alt cuir in eagar

20 Meán Fómhair, 2004 (Tampa, Florida):

D'eisigh Fundúracht Wikipedia ráiteas inniu gur cruthaíodh an miliúnú alt sa Wikipedia, a thionscadal le ciclipéid oscailte do chách, saor in aisce, Idirlíne (Wikipedia.org). Óna thús i mí Eanáir 2001, is í an Vicipéid, mar a thugtar i nGaeilge air, an ciclipéid is mó agus ar mó fás anois ar domhain, le hailt ar fáil in os cionn 100 teanga. Cuirtear 2,500 alt nua leis an Vicipéid chuile lá, agus cuirtear leas ar a deich oiread sin alt atá cheana féin ann.

Cumtar an Vicipéid go hiomlán ag deonaithe, a thugann isteach ailt, a thugann ar aghaidh agus a cheartaíonn iad, i bpróiséas comhoibreach. "Is cumhachtach an fiontar é an eolas a thabhairt dá chéile (The idea of sharing knowledge is powerful)" arsa Jimmy Wales, bunaitheoir na Vicipéide.

Déantar riaradh ar phróiséas na Vicipéide tréna pholasaí oifigiúil de dhearcadh neodrach (NPOV), a chuireann de gheasa ar scríbhneoirí iarracht a dhéanamh fanacht ó chlaontas agus iad i mbun saothair. Is féidir fiú ailt a chlúdaíonn ábhair conspóideacha a chur ar bun ag baint feidhme as an bpróiséas seo. Cuireann scríbhneoirí le leasaithe a chéile, agus cuirtear i gceart eagarthóireacht lochtach go gasta. "Bíonn meastúchán ónár gcomhoibreoirí ar gach ní i bhfíor-am," arsa Wales.

Tá an Vicipéid anois imeasc na 10 suíomh tagairte is mó úsáide ar an Idirlíon, de réir Alexa.com. Úsáideann mic léinn, iriseoirí, agus taighdeoirí é níos mó de réir an lae. Deineadh cíteáil ar an Vicipéid na mílte uair i réimse mór cáipéisí agus foilseacháin, ina measc tuairiscí nuachta, leabhair, staidéir acadúla, agus fiú cáipéisí dleathacha san áireamh.

Lena phobal díograsach deonaithe, tá aitheantas bainte amach ag an Vicipéid mar shuíomh gréasáin le cur agus cúiteamh imeasc an phobail. As seo tháinig gur ghnóthaigh an Vicipéid dhá dhuais idirnáisiúnta i 2004, an Prix Ars Electronica le haghaidh "Pobail Digiteacha" agus Webby Award le haghaidh "an Pobal is Fearr."

Feidhmíonn an Vicipéid ar bhogearraí vici ar a dtugtar MediaWiki, nó ViciMeáin as Gaeilge, a ligeann do dhuine ar bith leathanach a chur in eagar am ar bith, agus a chuid athraithe a bheith le feiceáil laíthreach. (Tá an brí 'tapaidh' ag vici nó wiki i dteanga Hawai'i). Is féidir le cuairteoirí scrúdú a dhéanamh ar leagain níos luaithe chun feiscint conas a tháinig alt ar aghaidh.

Ina theannta sin, tá leagain seasta den Vicipéid á n-ullmhú le scaoileadh amach ar dhlúthdhiosca nó ar DVD. Beidh leagan Gearmánaise ar fáil go gairid, le scaoileadh amach ag Directmedia Publishing. Tá an Vicipéid ag obair ar eagrán DVD dátheangach Fraincis/Béarla den ciclipéid, i gcomhoibreas le Mandrakesoft, foilsitheoir an Mandrakelinux OS, a bheidh le fáil go gairid iniata leis an dtabhairt amach.

Foilsítear gach téacs Vicipéide faoi théarmaí an Cheadúnais Cháipéasach Saor GNU (GFDL), a ligeann do scríbhneoirí cur le agus athraithe a dhéanamh ar obair a chéile de réir prionsabail ar a dtugtar "copyleft." Tugann sé seo le fios go dtugann an ceadúnas cead do thríú phártaithe athúsáid a bhaint as ailt Vicipéide, chomh fada agus go dtugann siad an ceart sin do dhaoine eile ina ndiaidh. Tá bogearraí ViciMeáin (MediaWiki) ar fáil faoi sórt ceadúnais cosúil leis an ceann a dearadh do bhogearraí.

Tá an Vicipéid ag fáil níos ilteangaí de réir a chéile; sa bhliain atá caite, tháinig an chuid is mó dá chuid fáis i dteangacha seachas Béarla. As iomlán os cionn 100 teanga, tá os cionn 10,000 alt ag 14 (English: 348,000, Gearmánais: 141,000, Seapánais: 72,000, Fraincis: 52,000, Sualannais: 40,000, Polannais: 38,000, Ollannais: 35,000, Spáinis: 29,000, Iodálais: 24,000, Danmhairgis: 20,000, Portaingéilis: 16,000, Esperantó: 15,000, Sínis: 13,000, agus Eabhrais: 10,000).

Chomh maith leis an Vicipéid, tacaíonn an Fundúracht Wikimedia, nach dtógann sochar, (wikimediafoundation.org) roinnt tionscadail gaolmhara ilteangach, mar Wiktionary (Vicifhoclóir as Gaeilge) (foclóir agus tesáras ag wiktionary.org), Wikiquote (Vicishleachta as Gaeilge) (cnuasach shleachta clúitiúla ag wikiquote.org), Wikibooks (Vicileabhair as Gaeilge) (cnuasach lámhleabhair agus téacsanna ag wikibooks.org), agus Wikisource (Vicifhoinse as Gaeilge) (cnuasach cáipéis sa bhfearannas poiblí ag wikisource.org). Foilsítear na tionscadail seo go léir faoin gceadúnas céanna agus gluaiseann siad ar bhogearraí ViciMeáin. Le tacaíocht a thabhairt dos na tionscadail seo, d'éirigh leis an bhFundúracht os cionn US$100,000 (£55,000 or €80,000) a thabhairt isteach ó bunaíodh é, agus tá sé ag cur feachtais le airgead a bhailiú ar bun ó mhí Meán Fómhair 20 go Deireadh Fómhair 3, 2004, leis an gcuspóir $50,000 breise a chur le chéile. Tá breis eolais ar fáil agus is féidir síntiúis a thabhairt ag http://wikimediafoundation.org/wiki/Fundraising.

Agus athraithe á ndéanamh chuile nóiméad de chuile lá, ní féidir a rá cá mbeidh an Vicipéid agus a comh-thionscadail i gceann bliana. Ach tá ráta fáis na Vicipéide ag leanúint le cupla mí anuas, agus má leanann seo ar aghaidh, d'fhéadfadh an Vicipéid dúbailt arís faoin earrach seo chugainn.

Le breis eolais cuir in eagar

Le haghaidh ceisteanna agus agallaimh, déan teagmháil (as Béarla amháin) le:

Jimmy Wales, Chair, Board of Trustees, Wikimedia Foundation
Guthán: (+1)-727-644-3565
E-phost: jwales@wikimedia.org

Angela Beesley, Executive Secretary, Board of Trustees, Wikimedia Foundation
Guthán: (+44)-208-816-7308
E-phost: abeesley@wikimedia.org

Le tuilleadh eolais ar an gcúlra, buail ar na naisc thíos: