Leagan as Giúdais den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Giúdaise. Tháinig Vicipéid na Giúdaise ar an bhfód ar 3 Márta 2004, agus foilsíodh an chéad alt ar 28 de mhí na Samhna sa bhliain chéanna. Bhí 6,000 alt ann i mí Márta na bliana 2009. Úsáidtear script den chineál ar a dtugtar abjad (an cineál céanna a scríobhtar chun an Eabhrais a scríobh) le beagnach achan rud i Vicipéid na Giúdaise a scríobh. I gcás abjad bíonn comharthaí ann i gcomhair na gconsan ach, de ghnáth, ní i gcomhair na ngutaí. Is í Vicipéid na Giúdaise an 121ú Vicipéid is mó dá bhfuil ann. Ar an 26 Iúil 2019, bhí 14,780 alt ann.[1]

WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Giúdaise
TeangaAn Ghiúdais
Dáta cruthaithe3 Márta 2004
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
AibítirAibítir Eabhraise
Staitisticí
Ailt15,447
Úsáideoirí cláraithe52,134
Riarthóirí4
Leathanaigh iomlána44,164
Comhaid áitiúla1,059
Vicipéid na Giúdaise

Tagairtí cuir in eagar