Is baile tionsclaíoch i dTuaisceart na Gearmáine é Wolfsburg, a bhfuil clú agus cáil air de bharr Ceanncheathrú Volkswagen AG a bheith suite ann. Is é an logainm a bhí air ó cuireadh ar bun é go dtí an bhliain 1945Stadt des KdF-Wagens bei Fallersleben[1] ainm a dhéanann tagairt don fáth ar cuireadh ar bun é an chéad lá riamh, sa bhliain 1938, is é sin ná ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil d’oibrithe mhonarchana nua Volkswagen, a bhí ag obair ar na chéad Volkswagen (“Gluaisteáin an Phobail”). Ba é KdF-Wagen bunainm an Volkswagen Käfer (“ciaróg”).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilWolfsburg

Wolfsburg Castle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósWolfsburg Castle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 52°25′23″N 10°47′14″E / 52.4231°N 10.7872°E / 52.4231; 10.7872
Stát ceannasachan Ghearmáin
Stát sa GhearmáinAn tSacsain Íochtarach Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán125,961 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús615.62 hab./km²
Líon na dteaghlach67,975 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deHannover–Braunschweig–Göttingen–Wolfsburg Metropolitan Region (en) Aistrigh
Regionalverband Großraum Braunschweig (en) Aistrigh
Braunschweig region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla204.61 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMittelland Canal (en) Aistrigh, Aller agus Allersee (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde63 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeAlmke (140 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleIlkerbruch (54 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1938
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisDennis Weilmann (en) Aistrigh (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist38440, 38442, 38444, 38446 agus 38448 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód05361, 05362, 05363, 05365, 05366, 05367 agus 05308 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSDE913 Cuir in eagar ar Wikidata
German municipality key (en) Aistrigh03103000 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinwolfsburg.de Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Wolfsburg suite in oirthear na Sacsaine Íochtaraí, in aice leis an teorainn stáit a dhéanann é a dheighilt ón Sascsain-Anhalt. B’ionann an teorainn seo agus an teorainn pholaitiúil a bhí idir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Dhaonphoblacht na Gearmáine sna blianta 1949-1990.

Sa lá inniu, tá breis is 122,000 duine ina gcónaí san ait seo agus is é Wolfsburg an cúigiú cathair is mó sa Sacsain Íochtarach, i ndiaidh Hannover, Braunschweig, Oldenburg agus Osnabrück.[2]

Is minic a bhíonn Wolfsburg i mbéal an phobail go hidirnáisiúnta mar gheall ar rath an chumann sacair áitiúil, VfL Wolfsburg, a bhuaigh Craobhchomórtas Sacair na Gearmáine sa bhliain 2009.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Stadt des KdF-Wagens – Walter Krämer, Götz Trenkler agus Denis Krämer: Das neue Lexikon der populären Irrtümer. Frankfurt am Main, Eichborn, 1998. Lch. 365
  2. Bevökerungsfortschreibung, nls.niedersachsen.de

Naisc sheachtracha cuir in eagar